Jump to content

Zú Bhaile Átha Cliath

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Zú Bhaile Átha Cliath
Íomhá
Sonraí
Cineál Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1 Meán Fómhair 1831 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchla28 ha
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 21′ 14″ N, 6° 18′ 14″ O / 53.353888888889°N,6.3038888888889°W / 53.353888888889; -6.3038888888889
Gníomhaíocht
Cuairteoirí in aghaidh na bliana1,276,930 (2022)
ID GeoNames6949211
Suíomh gréasáin oifigiúildublinzoo.ie
Twitter: dublinzoo Instagram: dublinzoo_official Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is Zú Bhaile Átha Cliath (nó Gáirdín na nAinmhithe, Baile Átha Cliath, Béarla: Dublin Zoo) ann ná atá lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath in Éirinn.[1] Is é ceann de na zúnna is mó in Éirinn é agus tá sé ar na háiteanna is mó a mheallann daoine go Baile Átha Cliath. Osclaíodh é sa bhliain 1831 agus is é an ról atá ag an zú ná caomhnú gnáthóige, staidéar agus oideachas. An cuspóir atá aige ná "oibriú i gcomhpháirtíocht le zúnna ar fud an domhain chun síntiúis a thabhairt ar son caomhnú speiceas atá i mbaol ar fud an domhain".

Haughton House, 1898

Clúdaíonn sé ós cionn 28 heicteár (69 acra) de Pháirc an Fhionn Uisce agus scairtear suas é i limistéir éagsúla faoi na hainmneacha 'Domhain na Cait', 'Domhain na bPríomhaigh', 'Conair Foraoise Kaziranga', 'Imill an tArtach', 'Machairí na hAfraice', 'Éin', 'Reptílí', 'Plandaí', 'Feirm Cathrach' agus 'Speicis atá i mBaol'.

1918
t.1936

Bunaíodh Cumann Ríoga Zó-eolaíochta na hÉireann ag cruinniú in Ospidéal an Rotunda ar an 10 Bealtaine 1830 agus osclaíodh an Zú, nó Gáirdín Ainmhithe Bhaile Átha Cliath mar a thugtaí air ag an am, ar an 1ú Meán Fómhar 1831. Bhronn Zú Londain na hainmhithe, 46 mamach agus 72 éan, orthu.

Ní haon chomhtharlú a bhí ann gur bhall den ngairm leighis a bhí i mbunaitheoirí Zú Bhaile Átha Cliath. Bhí an-suim acu i staidéar a dhéanamh ar ainmhí agus iad beo agus go háirithe nuair a fuair siad bás. Sna 1830idí, leasaíodh na dlíthe maidir le corpáin a úsáid i gcomhair leighis. Suas go dtí sin, bhí ar éinne nach raibh bainteach le ceann de na hinstitiúidí móra leighis dul agus uaigheanna a robáil chun corpán a fháil le haghaidh staidéir. Mar sin, cheap na bunaitheoirí gur éacht mhór é bheith in ann corp príomhaigh a fháil gan uaigh a robáil.

Ar dtús ba é sé pingine an praghas a bhí ar dul isteach sa Zú, suim mheasartha airgid ag an am agus mar sin is daoine saibhre mean-aicmeach a chuaigh ann ar dtús. Rinne Zú Bhaile Átha Cliath an cinneadh an praghas a laghdú go pingin gach Domhnach, mar sin bhí sé d'acmhainn ag beagnach gach Baile Átha Cliathach dul ag an Zú ó am go ham agus bhí an-tóir air ón am sin ar aghaidh.

Sa bhliain 1833, tógadh an chéad lóiste iontrála isteach sa Zú ar costas £30. Tá an foirgneamh le díon ceann tuí fós le feiceáil inniu, díreach ar dheis don slí isteach atá ann faoi láthair.

t.1935

I 1838, bhí lá oscailte ag an Zú chun cuairt na Banríon Victoria a cheiliúradh — d'fhreastail 20,000 duine ar an lá oscailte, an líon is mó daoine riamh a thug cuairt ar an Zú in aon lá amháin.

Sa bhliain 1844, fuair an Zú a chéad sioráf, agus i 1855 cheannaigh siad a chéad phéire leoin. Shíolraigh iad seo den chéad uair i 1857. Fuair na reiptilí a dteach féin sa bhliain 1876.

Bhí cáil dhomhanda ar na leoin. Tháinig Ulysses S. Grant, an 18ú Uachtarán na Stát Aontaithe chun iad a fheiceáil sa bhliain 1879.[2]

Tógadh na chéad seomraí tae sa bhliain 1898.

Ar an 17ú Meitheamh 1903, mharaigh eilifint, darbh ainm Sita, a coimeádaí agus é ag tabhairt aire dá cos leonta. Chuir baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann chun "suain" í.

Chuir an cogadh isteach ar an Zú. I rith Éirí Amach na Cásca i 1916, ní raibh feoil le fáil agus ar eagla go mairfeadh na leoin agus tíogair, bhí orthu roinnt ainmhí eile sa Zú a mharú.

1936

Rugadh leon darbh ainm Slats sa Zú ar an 20ú Márta 1919. Dar leis an leabhair, Dublin Zoo: An Illustrated History le Catherine De Courcy, ba é ceann de na leoin a ndearna an stiúideo scannáin Metro-Goldwyn-Mayer taifead air i 1928 le n-úsáid mar a sonóg Leo.

Idir 1989 agus 1990, bhí fadhbanna airgeadais ag an Zú chomh dona sin go raibh an chomhairle ag smaoineamh faoi é a dhúnadh. Ach thug an rialtas deontas bliantúil fiúntach dóibh, mar a dhéanann tíortha eile na hEorpa. Cuireadh 13 heicteár (32 ácra) de thalamh mórthimpeall ar an loch i dtailte Áras an Uachtaráin leis an Zú i 1997. Chuir sé seo feabhas ollmhór ar an méid spáis a bhí ar fáil do na hainmhithe.

Sir Charles Ball, 1907[3]

I 2010, thug 963,053 duine cuairt ar Zú Bhaile Átha Cliath.

Tá sraith faisnéise The Zoo de chuid RTÉ, léirithe ag Moondance Productions taifeadta go hiomlán ar an láthair i Zú Bhaile Átha Cliath, agus craoladh ar RTÉ a hAon é in Éirinn ó 2011, ar VRT sa Bheilig ó 2011 agus ar Discovery Animal Planet sa Ríocht Aontaithe ó 2012.

I 2013, gortaíodh cailín óg dhá bhliain d'aois agus a máthair agus iad ar cuairt leis na taipirí Deas-Mheiriceánacha. Dúirt an Zú go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar a gnásanna i gcomhair na cuairteanna seo.

Tiogar Ceilteach sa bhliain 1938

Sa bhliain 2020, bhí an Zú dúnta de bharr an choróinvíris. Mar sin ní raibh go leor airgid ag an Zú. Sheol an Zú feachtas — Save Dublin Zoo — chun airgead a bhailiú. Dúirt an Coimeádaí Sinsearach Brendan Walsh ag an am go gcosnaíonn an Zú €500,000 in aghaidh na míosa. Cosnaíonn sé a lán airgid an bia ceart a thabhairt do na hainmhithe gach lá. Costas an bhia gach lá: panda dearg amháin: €25, leon amháin: €50, eilifint amháin: €75, srónbheannach amháin: €100.[4]

mór-rón, 2013
srónbheannaigh agus séasúr na cúplála, 2006

Tá an zú mar pháirt de chlár domhanda le speiceas atá i mbaol a chur ag síolrú. Is ball é de Chlár na Speiceas Atá i mBaol na hEorpa (EEP), a chabhraíonn le caomhnú speiceas atá i mbaol san Eoraip. Tá comhordaitheoir aonaireach ag gach speiceas a bhfuil an EEP i bhfeighil air, atá freagrach as méadú grúpaí síolraithe agus an aidhm atá acu ná daonra atá cothrom go géiniteach a fháil.

Tá Zú Bhaile Átha Cliath freagrach as an tamairín leonta órga agus an cocatú Molacaígh. Tá roinnt marmaiséad Goeldi agus sacaí aghaidhbhán, atá ina bhaill den EEP chomh maith, sa Zú. Is é an caomhnú príomhfheidhm an chláir, chomh maith le taighde, staidéar agus oideachas.

Ialtóga Mheasa Rodrigues

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad ialtóga mheasa Rodrigues ceann de na specieas atá i mbaol atá i Zú Bhaile Átha Cliath. Itheann ialtóga mheasa torthaí agus de bharr seo, tá siad riachtanach don foraois bháistí. Ní féidir le ialtóga síolta na torthaí a dhíleá, mar sin fágann na síolta córas díleá an ialtóg clúdaithe le leasachán. Gan íoltóga, ní bheidh go leor foraois bháistí in ann a síolta féin a cuir.

Le déanaí, tá Zú Bhaile Átha Cliath tar éis clós níos mó a thógáil d'eilifintí na hAfraice agus leag siad Teach Nesbit (teach na n-ialtóg). Tá na hialtóga mheasa Rodrigues anois i dTeach Robert (teach na n-éan), atá suite in aice leis na léamair bhandearracha.

  1. "Dublin Zoo - One of The Most Popular Attractions in Ireland" (en-GB). Dublin Zoo. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  2. "Remembering Ulysses S Grant and his visit to Ireland" (en). Ireland.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-08-10. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  3. "Charles Bent Ball" (as en) (2020-11-11). Wikipedia. 
  4. Eleathanach 367, Dé Luain, an 23 Samhain 2020