Viswanathan Anand
Is ficheallaí é Viswanathan Anand (11 Nollaig 1969 a rugadh i Chennai, san India).
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh Anand Comórtas Chraobh Fichille na hIndia nuair nach raibh sé ach 16 bliana d'aois. Bhí cáil air i gcónaí ó thaobh cé chomh tapaidh a d'imríodh sé. Aithníodh é mar cheann de na himreoirí is fearr ar domhain é ó thús na 1990í i leith.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig sé i gcomharbacht ar Vladimir Kramnik mar Churadh Domhanda Fichille ar an 29 Meán Fómhair 2007, nuair a bhuaigh sé Comórtas Chraobh an Domhain i gCathair Mheicsiceo. Fuair sé an ceann is fearr ar Kramnik i sraith cluichí don chraobh dhomhanda i mBonn, an Ghearmáin i mí Deireadh Fómhair 2008 ( 3 -1 =7).
Choimeád Anand an chraobh dhomhanda nuair a bhuaigh sé ar Veselin Topalov i sraith cluichí i Sóifia sa bhliain 2010. Bhí na fir dubha aige sa chluiche deireanach ar an 11 Bealtaine ach fuair sé an ceann is fearr ar Topalov chun bua 6.5-5.5 a fháil.
Chaill Anand an teideal sa bhliain 2013 tar éis dó cailliúint i sraith cluichí i gcoinne Magnus Carlsen ( 0 -3 =7).