Jump to content

Veracruz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilVeracruz

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósIgnacio de la Llave Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 19° 31′ 38″ N, 96° 55′ 21″ O / 19.5272°N,96.9225°W / 19.5272; -96.9225
Stát ceannasachMeicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairXalapa Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán8,112,505 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús112.96 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla71,820 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde300 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCitlaltepetl (en) Aistrigh (5,636 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1823
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhdháil Veracruz Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist91-96 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2MX-VER Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinveracruz.gob.mx Cuir in eagar ar Wikidata
Sléibhte i ndeisceart Veracruz

Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo é Veracruz, agus é suite in oirthear na tíre. Tá leaganacha oifigiúla agus stairiúla níos faide den ainm: Veracruz de Ignacio de la Llave a thugtar ar an stát ina bhunreacht,[1] agus is seanleagan de Veracruz-Llave freisin. Estado Libre y Soberano de Veracruz de Ignacio de la Llave an leagan is faide den ainm. Is é Xalapa an phríomhchathair agus is é Veracruz an chathair is mó. Bhí 7,773,408 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.

D'fhás sibhialtacht na nOilmiceach i Veracruz a bhí i mbarr a réime sa chéad mhíle bliain R.C. Mhair sí go dtí na 300idí R.C. As na hOilmicigh a d'fhás ríochtaí eile Mheiriceá Láir.

Tháinig Hernán Cortés i dtír i Meicsiceo den chéad uair san áit ina bhfuil cathair Veracruz inniu. Chuir sé calafort ar bun ansin sular thug sé aghaidh ar Tenochtitlán, príomhchathair na nAstacach. Chuidigh cuid de Indiaigh Veracruz leis agus chuaigh cuid eile ina choinne.

Mar gheall ar an mbolgach a thug na Spáinnigh isteach sa tír leo, mharaigh na sluaite i measc na nIndiach agus bhí ganntanas mór oibrithe ann. Sa bhliain 1535, mar sin, thosaigh na Spáinnigh a thabhairt sclábhaí isteach ón Afraic, idir 500,000 agus 1 mhilliún duine san iomlán. D'éirigh na sclábhaí amach arís agus aríst eile, áfach, agus faoi dheireadh cuireadh an sclábhaíocht ar ceal, an chéad áit ar an domhan ina rinneadh amhlaidh. D'fhág sin freisin éagsúlacht eitneach in Veracruz thar an ngnáth i Meicsiceo.

Ba i Veracruz, ag calafort Chathair Veracruz, a cuireadh an cath deireanach sa Réabhlóid Mheicsiceach sa bhliain 1824. I lár an 19ú haoise, bhí Ignacio de la Llave y Segura Zevallos (1818-1863) ina gobharnóir ar Veracruz. Lena chomóradh a cumadh na leaganacha fada sin d'ainm an stáit.

Is iad an talmhaíocht agus peitriliam bunchloch gheilleagar Veracruz. Saothraítear leath na dtorthaí citreacha i Meicsiceo sa stát. Tá an pónaire fanaile tábhachtach agus dúchasach do Veracruz. Tá calafort Veracruz tábhachtach freisin agus, mar gheall ar chósta fada an stáit, déantar a lán iascaireachta ansin chomh maith.


  1. «El Estado de Veracruz de Ignacio de la Llave es parte integrante de la Federación Mexicana, libre y autónomo en su administración y gobierno interiores» (art. 1° de la Constitución Política del Estado de Veracruz de Ignacio de la Llave).

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]