Toghcháin réigiúnacha na Spáinne, 2023
Cineál | toghchán | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | 28 Bealtaine 2023 | ||
Tír | an Spáinn | ||
Reáchtáladh Toghcháin réigiúnacha agus áitiúla na Spáinne ar an 28 Bealtaine 2023 agus d'fhulaing an Pháirtí Sóisialach (PSOE) buille mór sna toghcháin.[1]
Treisíodh an Eite Dheis - an Partido Popular (PP) agus an páirtí Vox. Ghnóthaigh an PP an líon is mó suíocháin sna toghcháin. Chaill na Sóisialaigh (PSOE) agus a gcomhghuaillithe sa rialtas náisiúnta (Podemos go háirithe) an líon is mó suíocháin.
Thóg an PP seilbh ar 6 réigiún a bhíodh faoi cheannas Sóisialach. Ach bhí an PP i dtuilleamaí Vox le rialú sna réigiúin sin. Bhí Vox (páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis) ag súil nach mbeadh an PP in ann rialú go réigiúnach dá bhfuireasa.
Sna toghcháin áitiúla, shaothraigh an PP 7 milliún vóta (32%) i gcomparáid le 6.3 milliún don PSOE (28%). 64% den phobal a chaith vóta, 1% de laghdú ar an toghchán deireanach i 2019.[1]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhógair Príomh-aire na Spáinne Pedro Sanchez olltoghchán nach raibh aon choinne leis.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Spanish prime minister calls early general election after battering in regional vote" (en). AP NEWS (2023-05-29). Dáta rochtana: 2023-05-29.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-05-29). "Olltoghchán tobann fógartha mí Iúil sa Spáinn" (as ga).