Teocht Curie
Cuma
In ábhair fhearómaighnéadacha, an teocht, TC in aonaid K, a bhíonn uathúil don ábhar, ag a gcailleann sé a fhearómhaighnéadas is a n-éiríonn sé paramaighnéadach amháin. D'fhionn Pierre Curie an feiniméan seo, a éiríonn as suaitheadh méadaithe teirmeach na n-adamh a sháraíonn na fórsaí ailínithe idir adaimh chóngaracha. In iarann, TC = 1043 K. Léiríonn ábhair áirithe fhearómaighnéacha an iarmhairt phisileictreach, ach cailleann siad an t-airí seo nuair a théitear iad os cionn teocht, nó pointe, Curie.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teocht Curie". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 196.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |