Teiripe iompair
Cuma
Cóireáil shíceolaíoch a shaothraigh an síciteiripeoir Joseph Wolpe (1915-1997), a dhéanann iarracht smaointe duine a athrú trí athrú iompair. Baintear feidhm aisti i leith galar néaróiseach, ar an tuiscint gur féidir scaradh leis na hiompair sin a foghlaimíodh ar dtús. Tagann teicníochtaí ina ndéantar dí-íogrú is/nó ollródú le freagairtí imní a spreagadh, nó a dtugtar duaiseanna is pionóis d'othair, san áireamh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teiripe iompair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |