Jump to content

Sonny Liston

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSonny Liston

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Bealtaine 1932
Contae St. Francis, Arkansas Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Nollaig 1970
38 bliana d'aois
Las Vegas, Nevada Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisRódháileog
Áit adhlacthaDavis Memorial Park (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Meáchan98 kg
Airde185 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdornálaí, preabaire Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtdornálaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirttrom-mheáchan Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Ciontaíodh irobáil Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0514288 Find a Grave: 632 Cuir in eagar ar Wikidata
Liston sa bhliain 1960

Dornálaí Meiriceánach, a bhí ina churadh domhanda trom-mheáchain, ab ea Charles L. "Sonny" Liston . (8 Bealtaine 193230 Nollaig 1970).

25 Feabhra 1964, i Miami Beach

Troideadh babhtaí dornálaíochta idir Sonny Liston agus Cassius Clay (nó Muhammad Ali mar a bhaist sé air féin níos deireanaí) i 1964 agus arís an bhliain dár gcionn. Tharraing na troideanna – dá dtabharfá troideanna orthu – conspóid ollmhór.[1]

25 Bealtaine 1965 in Lewiston, Maine

Ar 25 Feabhra 1964, bhuaigh Ali an chraobh nuair a chuir sé Sonny Liston, ag cosaint an Choróin Trom-mheáchain an Domhain, de dhroim seoil i Miami Beach.[2][3] Níor tugadh seans na ngrást do Clay roimh ré. Ach níor mhair Liston ach leathuair san fháinne nuair a d'éirigh sé as an troid.[4]

An bhliain dár gcionn, ar 25 Bealtaine 1965 in Lewiston, Maine, troideadh babhta eile. Níor mhair an troid ach cúpla 2n30s.[5][6] Dúradh gur chaith Liston ar an urlár é féin agus nach ndearna sé iarracht cheart ar bith. Chuaigh Muhammad Ali[7][8] ar aghaidh sa bhfáinne nó gur glacadh leis go raibh sé ar dhuine de na seaimpíní trom-mheáchain ab fhearr ariamh.[1] An raibh toradh an chluiche socraithe roimh ré ? Dúradh ag an am go raibh an cluiche ceannaithe, nó sin a chreid go leor.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Máirtín Ó Catháin (30 Deireadh Fómhair 2023). "‘Déanann na gunnaí cumhachtacha seo damáiste uafásach’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-31.
  2. History com Editors. "Young Muhammad Ali knocks out Sonny Liston for first world title" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2023-01-17.
  3. "Ali vs Liston 1 | How Ali SHOOK UP the World - Breakdown" (as en) . 
  4. "Cassius Clay (Muhammad Ali) vs. Sonny Liston 1 - 1964 Full Fight in Color HD" (as en) . 
  5. "Muhammad Ali vs Sonny Liston II - 25th May 1965 - Color" (as en) . 
  6. "Gmail". accounts.google.com. Dáta rochtana: 2023-10-31.
  7. Ar an 6 Márta 1964, d'athraigh sé a ainm Cassius Clay go Muhammad Ali.
  8. Slate