Scoil Firenze
Cuma
Ceann de phríomhionaid ealaíne na hEorpa le linn na hAthbheochana. Chuir Vasari síos ar na healaíontóirí tábhachtacha i bhFlórans in a leabhar Le Vite de' più eccellenti pittori, scultori, e architettori (Beathaí na nEalaíontóírí, na nDealbhóirí is na nAiltirí den Chéad Scoth, 1550, méadaithe 1568). Thosaigh an athbheochan chlasaiceach sa chathair timpeall 1500, athfhionnachtain na peirspictíochta san ealaín san áireamh, agus bunaíodh an chéad acadamh ealaíne ann i 1563. Go luath ina dhiaidh tháinig an Róimh is an Veinéis chun cinn agus ghlac an cheannasaíocht sna cúrsaí seo san Iodáil.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scoil Firenze". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 270.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |