Sárchlóráit airgid
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 205.854 Da |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | AgClO₄ |
SMILES canónta | Model 2D [O-]Cl(=O)(=O)=O.[Ag ] |
InChI | Model 3D |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
Is éard atá sa tsárchlóráit airgid ná salann airgid an aigéid sárchlóraigh, agus dá réir sin is í an fhoirmle cheimiceach atá ag an gcomhdhúil seo ná AgClO4. Is soladach bán í, agus is dual di criostail monaihiodráite a chruthú - criostail ina bhfuil móilín amháin uisce in aghaidh gach aonad sárchlóráite. Murab ionann agus an chuid is mó de na salainn airgid, tá an tsárchlóráit seo sothuaslagtha san uisce, rud a chiallaíonn go dtiocfaidh sí isteach úsáideach má theastaíonn uait an t-ian airgid Ag a thuaslagadh san uisce. Úsáidtear í mar chatalaíoch sa cheimic orgánach.
Táirgeadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cruthaítear sárchlóráit airgid trí mheascán d'aigéad sárchlórach agus níotráit airgid a bhreo le chéile.
Mar mhalairt air sin, is féidir í a ullmhú trí imoibriú na sárchlóráite bairiam leis an tsulfáit airgid, nó ó imoibriú an aigéid sárchlóraigh leis an ocsaíd airgid.