Roland Freisler
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Deireadh Fómhair 1893 Celle |
Bás | 3 Feabhra 1945 51 bliana d'aois Beirlín |
Áit adhlactha | Waldfriedhof Dahlem (en) |
Judge of the People's Court (en) | |
20 Lúnasa 1942 – 3 Feabhra 1945 ← Otto Georg Thierack (en) – Harry Haffner (en) ⊟ | |
Ball de Reichstag na Gearmáine Naitsíoch | |
Ball de Landtag na Prúise | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Jena |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Dlí, polaitíocht agus Naitsíochas |
Suíomh oibre | Beirlín |
Gairm | breitheamh, dlíodóir, polaiteoir, saineolaí dlí |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí na Naitsithe |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Teaghlach | |
Céile | Marion Freisler (1928–) |
Siblín | Oswald Freisler |
Gradam a fuarthas | |
Breitheamh iomráiteach agus míchlúiteach de chuid na Naitsithe ba ea Roland Freisler (30 Deireadh Fómhair 1893 - 3 Feabhra 1945).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis dá sheirbhís in Arm Impiriúil na Gearmáine le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, thosaigh sé ag staidéir dlí. Fuair sé a dhochtúireacht sa dlí ó Ollscoil Jena i 1922.
Chuir sé cleachtas dlí nua ar bun in Kassel sa bhliain 1924, in éineacht lena dheartháir níos óige, Oswald.
Ball de Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine ó 1925 amach, fuair sé aird an phobail toisc gur chosain sé chomh-Naitsithe sna cúirteanna agus bhí sé ina chainteoir poiblí éifeachtach.[1]
Bhí sé ina bhall de Landtag na Prúise agus den Reichstag. Tháinig a dheartháir níos óige, Oswald, cé gur Naitsíoch chomh maith le dlíodóir é, i láthair na cúirte mar abhcóide na gcosantóirí i roinnt cásanna ardphróifíle íogaire ó thaobh na polaitíochta de tar éis 1933 (díbríodh Oswald as an bpáirtí sa bhliain 1937 agus chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1939, faoi chúinsí amhrasacha).
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh
- Rúnaí Stáit ag Aireacht Dlí agus Cirt na Prúise (1933-34) agus
- Aireacht Dlí agus Cirt Reich (1934-42)
de Roland Friesler. Bhí sé díograiseach agus é ag iarraidh an córas dlí a athmhúnlú le go gcloífeadh sé le smaointe na Naitsithe.
‘Truailliú cine’
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhol Friesler an toirmeasc ar ‘thruailliú cine’, mar a thugtar air, agus bhí ról ceannasach aige agus pionós an bháis á chur i bhforchur ar ógánaigh.
I mí Eanáir 1942 rinne Friesler ionadaíocht ar Aire Dlí agus Cirt an Reich Franz Schlegelberger sa Chomhdháil Wannsee, áit ar phléigh roinnt gníomhaireachtaí na gnéithe dlíthiúla praiticiúla de chinedhíothú na nGiúdach a raibh greim ag na Naitsithe orthu.[1]
Volksgerichtshof
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Lúnasa 1942 a ceapadh Freisler ina Uachtarán ar Chúirt an Phobail (an 'Volksgerichtshof') - cúirt speisialta a dhéileáil le raon leathan cionta a raibh imní ar leith ag an réimeas fúthu, ó thréas go margaíocht dhubh.[1]
Mar uachtarán na cúirte sin, thug Freisler neamhaird neamhbhalbh ar na noirm is bunúsaí d’iompar breithiúnach mar neamhchlaontacht agus easpa réamh-bhreithiúnais, go minic trí chroscheistiú a dhéanamh ar an gcúisí amhail is go raibh sé ina abhcóide ionchúisimh agus íde béil á tabhairt dóibh mar gheall ar mhídhílseacht.[1]
D'ardaigh cion na bpianbhreitheanna báis a ghearr an chúirt go géar freisin mar thoradh ar dhéine idé-eolaíoch Freisler. Bhí a easpa cáilíochtaí breithiúnacha soiléir go háirithe (agus taifeadadh ar scannán í) i dtrialacha roinnt acu siúd a raibh lámh acu i bplota an 20 Iúil 1944.[1]
Anbhás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh Freisler i seomra na cúirte ar an 3 Feabhra 1945 le linn ruathar aeir ar Bheirlín de chuid Fhórsa Aeir Arm na Stát Aontaithe.[1]