Peipsin
Cuma
Einsím díleáite atá i láthair i súlach gastrach na veirteabrach, a dhíleánn an phróitéin sa chothú ina polaipeiptídí d'fhaid éagsúla. Táltar isteach i gcuas an ghoile í i bhfoirm na pró-einsíme neamhghníomhaí, peipsinigin, agus gníomhachtaítear í seo ina peipsin ag an aigéad hidreaclórach (HCl) sa súlach gastrach. Bíonn sí gníomhach i dtimpeallacht aigéadach seo an ghoile. Fuarthas 7 bpeipsin ghaolmhar sa duine.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Peipsin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 512.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |