Newark, New Jersey
Newark, New Jersey | |||||
---|---|---|---|---|---|
Newark (en) | |||||
Ainmnithe in ómós | Newark-on-Trent | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Nua-Gheirsí | ||||
Contae de chuid Nua-Gheirsí | Contae Essex | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 311,549 (2020) | ||||
• Dlús | 4,647.16 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 102,195 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Mórcheantar Nua-Eabhrac | ||||
Achar dromchla | 67.040795 km² | ||||
• Uisce | 7.3545 % | ||||
Airde | 3 m | ||||
Ar theorainn le | Belleville (en) East Newark (en) Hillside (en) South Orange Maplewood (en) Bayonne Harrison (en) East Orange Bloomfield (en) Kearny (en) Elizabeth Irvington (en) Jersey City | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1666 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Newark, Nua-Gheirsí | Ras Baraka (2014–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 07100–07199, 7100, 7102, 7105, 7107, 7110, 7111, 7112, 7114, 7115, 7117, 7120, 7123, 7124, 7126, 7130, 7131, 7135, 7138, 7141, 7144, 7146, 7147, 7149, 7153, 7154, 7155, 7157, 7161, 7164, 7166, 7168, 7172, 7173, 7175, 7179, 7182, 7184, 7188, 7191, 7194 agus 7197 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 973 agus 862 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | newarknj.gov |
Is é Newark an chathair is mó i stát New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Priomhbhaile Chontae Essex atá ann chomh maith. Tá an chathair suite i ngar do Chathair Nua-Eabhrac, timpeall ocht míle slí (13 km) siar ó Manhattan agus 2 mhíle slí (3.2 km) ó thuaidh ó Oileán Staten. Níl Newark rófhada ón Aigéan Atlantach ach oiread. Tá Port Newark, calafort na cathrach, suite ar Bhá Newark, áit atá nasctha le Cuan Nua-Eabhrac. Láimhseáiltear níos mó coimeadán lasta ann ná in aon áit eile sa réigiún uirbeach sin. Tá roinnt comhlachtaí móra lonnaithe i Newark, leithéidí Prudential Financial, comlacht árachais. Tá Newark Liberty International Airport ar cheann de na trí aerfort mhóra i réigiún uirbeach Nua-Eabhrac agus ar an gceann is sine díobh. Is í "Cathair na mBrící" (The Brick City) leasainm na cathrach.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Newark sa bhliain 1666 nuair a lonnaigh grúpa Piúratánach ann faoi cheannas Robert Treat. B'as Coilíneacht New Haven in Connecticut dóibh. Tharla seo dhá bhliain tar éis do na Sasanaigh an réigiún a bhaint de na hOllannaigh. D’fhás an chathair go mór sa 19ú haois agus sa chéad leath den 20ú haois mar gheall ar bhorradh na tionsclaíochta.
Sa dara leath den 20ú haois tháinig meath suntasach ar an chathair agus an tionsclaíocht ag dul i léig. Chuaigh fadhbanna ciníocha in olcas, go háirithe sna 1960í agus sna 1970í, agus sa bhliain 1967 bhí círéibí i gcomharsanachtaí bochta gorma. Fuair sé dhuine is fiche bás iontu agus scriosadh na céadta gnólacht. D’imigh an mheánaicme, idir ghorm agus bhán, de réir a chéile, agus aghaidh a bhformhóir ar na fo-bhailte. Laghdaigh an daonra ó 442,337 sa bhliain 1930 go dtí 405,220 sa bhliain 1960, agus go dtí 273,546 sa bhliain 2000. Leagadh roinnt bloic mhóra árasán sa dara chuid den tréimhse seo.
Thosaigh feabhas ag teacht ar Newark sna 1990í. Sa bhliain 2006 tháinig beocht i stiúradh na cathrach nuair a toghadh Cory Booker mar mhéara, cé go bhfuil méid mór coireanna á ndéanamh fós. De réir mheastachán Bhiúró an Daonáirimh, bhí 278,980 duine sa chathair sa bhliain 2008.
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |