Muineachán
Muineachán | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Mhuineacháin | |||
Príomhchathair de | ||||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 71 m | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 40866 | |||
Suíomh gréasáin | monaghantown.ie |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is é Muineachán[1] príomhbhaile Chontae Mhuineacháin, ceann den trí chontae i gCúige Uladh a fágadh ar an taobh theas den Teorainn nuair a chuaigh an chríochdheighilt i bhfeidhm ar oileán na hÉireann i ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Is é Muineachán an t-aon áit amháin sa chontae ar féidir cathair a thabhairt uirthi, agus tá cónaí ar sé mhíle duine ann. Tá an Teorainn suite thart faoi ocht gciliméadar den bhaile.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'iad muintir Mhic Mhathúna an treibh Ghaelach a bhí i seilbh na háite roimh theacht na nGall, ach níl a dhath fágtha dá gcuid caisleán is mainistreach inniu. Tá iarsmaí ann de chrannóg bheag a bhí ina ceanncheathrú ag na Mathúnaigh sa cheathrú haois déag, áfach.[
Bhí tionscal an línéadaigh tábhachtach mar fhoinse shaibhris i Muineachán cosúil le háiteanna eile in Ultaibh, agus tógadh foirgnimh fheiceálacha sa bhaile seo ar éadálacha an tionscail.
Tháinig Charles Gavan Duffy chun an tsaoil i Muineachán. Inniu, tá an scríbhneoir Gaeilge Pádraig Ó Baoighill ina chónaí san áit.
Phléasc buama i mBaile Muineachán i lár an bhaile ar an 17ú Bealtaine 1974. Maraíodh seachtar.[2]
I 1801 rinneadh maoin de mhuintir Westenra de Bhaile Múineacháin mar aon leis an gcuid eile D'Eastát Ross Mór.
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leanann Muineachán ar aghaidh ag óstáil ceann de na féilte gormacha is clúití agus is seanbhunaithe in Éirinn, Féile Ceol Blues Ag Am an Fhómhair.
D’fhill Comórtas Féile Oriel freisin a reáchtáladh den chéad uair i 1969 ar ais in 2009 chun daichead bliain a cheiliúradh. Tá sé ar siúl gach deireadh seachtaine Saoire Bainc Bealtaine.
Áis ealaíon is ea Amharclann an Gharáiste atá suite ar Champas Oideachais Mhuineacháin. Reáchtálann sé raon leathan gníomhaíochtaí lena n-áirítear drámaíocht, ceol, rince agus scannánaíocht.
Bunaithe i 1974, tá Músaem Chontae Mhuineacháin aitheanta mar cheann de na hiarsmalanna cúige is mó le rá in Éirinn, agus bronnadh Gradam mór le rá ó Chomhairle na hEorpa i 1980. Tá sé mar aidhm aige eolas a thabhairt do chuairteoirí ar stair Chontae Mhuineacháin agus a mhuintir.
Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 5 Mheanscoil i Baile Múineachán agus tá 4 Bunscoil. Comh maith le seo tá Mheanscoil Gaeilge agus Bunscoil Gaeilge ann.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Muineachán Le Gaeilge (Facebook)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Muineachán/Monaghan | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ monaghan.ie/museum. "Monaghan bombing". Dáta rochtana: 2024.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |