Michela Murgia
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Meitheamh 1972 Cabras, An tSairdín, An Iodáil |
Bás | 10 Lúnasa 2023 51 bliana d'aois an Róimh, An Iodáil |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Neoplasma duáin) |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Feimineachas, gluaiseacht neamhpleáchais agus frithfhaisisteachas |
Reiligiún | Caitliceachas |
Áit chónaithe | an Róimh |
Teanga dhúchais | an Iodáilis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Gníomhaíocht liteartha, léirmheastóireacht liteartha, blag agus polaitíocht |
Suíomh oibre | An tSairdín |
Gairm | scríbhneoir, blagálaí, colúnaí, polaiteoir, úrscéalaí, léirmheastóir liteartha |
Teangacha | An Iodáilis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
Scríbhneoir, drámadóir agus tráchtaire raidió Iodálach ab ea Michela Murgia a rugadh i gCabras na Sairdíne sa bhliain 1972 (3 Meitheamh 1972 – 10 Lúnasa 2023).[1] Ba scríbhneoir ildánach í a chleacht stíleanna éagsúla scríbhneoireachta agus a chomhoibrigh le scríbhneoirí eile. Bhuaigh sí an Premio Campiello, Duais Idirnáisiúnta Liteartha Mondello agus duais Dessì.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus í 18 mbliana d'aois, glacadh isteach i dteaghlach uchtála í mar filla de ànima, nó 'leanbh anama', uchtú traidisiúnta Sairdíneach. Cuireadh moill ar uchtú Murgia mar gheall ar a hathar a bheith ina choinne. Pléitear scéal maidir le filla de ànima' sa leabhar Athmháthair.
Feimineach ar an eite chlé a bhí inti agus bhí sí gníomhach i saol poiblí na hIodáile, agus is minic a labhair sí ar chúrsaí ar nós eotanáise agus cearta LADT.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2006 foilsíodh II mondo deve sapere (Is ceart go mbeadh a fhios ag an saol), dialann ghreann traigéideach léi a spreag an scannán le Paolo Virzi Tutta la vita davanti (An saol mór os do chomhair amach). Sa bhliain 2008 foilsíodh Viaggio in Sardegna (Turas go dtí an tSairdín) faoina hoileán dúchais (Einaudi). Foilsíodh Accabadora sa bhliain 2009 (a aistríodh faoin teideal Athmháthair), leabhar a bhuaigh go leor duaiseanna, Duais Campiello, Duais Molinello agus Duais Idirnáisiúnta Litríochta Mondello ina measc. Sa bhliain 2011 foilsíodh Ave Mary, saothar neamhfhicsin a scrúdaíonn an t-oibiachtú a dhéantar ar mhná sa tsochaí agus an dóigh a ndearna an cultúr Caitliceach beag de ról na mban sa tsochaí óna thús amach. Sa bhliain 2012 foilsíodh Presente, a scríobh sí i gcomhar le Andrea Bajani, Paolo Nori agus Giorgio Vasta, ag cur síos ar an mbliain 2011. Foilsíodh L’incontro (An Cruinniú) sa bhliain chéanna sin. I gcomhar le Loredana Lipperini rinne sí iniúchadh ar fhoréigean in éadan na mban i sochaí an lae in L’ho uccisa perché l’amavo. Falso! (Mharaigh mé í mar go raibh grá agam di. Bréagach!) a foilsíodh sa bhliain 2013. Bhí sí ar dhuine d'údair na díolama carthanachta Sei per la Sardegna (Sé cinn don tSairdín) (Einaudi, 2014). Sa bhliain 2018 foilsíodh Istruzioni per diventarefascisti (Conas a bheith i do fhaisistí), agus L’inferno è unabuona memoria. Visions from The Mists of Avalon by Marion Zimmer Bradley. Sa bhliain 2019 d'fhoilsigh sí Morgana a scríobh sí i gcomhar le Chiara Tagliaferri (Mondadori) agus sa bhliain 2021 foilsíodh Morgana. L'uomo ricco sono io. Sa bhliain 2022 foilsíodh Stai zitta (Bí i do thost) agus God Save the Queer: Catechismo femminista (Einaudi).[2]
Scríobh sí roinnt drámaí agus píosaí don stáitse chomh maith le roinnt aisteoireachta a dhéanamh í féin.
Sa bhliain 2023 d'fhoilsigh Mondadori Tre ciotole. Rituali per un anno dicrisi (Trí bhabhla. Deasghnátha do bhliain i ngéarchéim) ina dtugann Murgia le fios go bhfuil diagnóis dholeigheasta faighte aici. "Is scéal é seo faoin rud atá ag tarlú domh. An diagnóis san áireamh." Fuair Michela Murgia bás le hailse ar an 10ú Lúnasa 2023 in aois a 51 bliain.
Saothair eile le Michela Murgia
[cuir in eagar | athraigh foinse]Neamhfhicsean
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Viaggio in Sardegna. Undici percorsi nell'isola che non si vede, Torino, Einaudi, 2008. ISBN 978-88-06-19244-0.
- Ave Mary. E la chiesa inventò la donna, Torino, Einaudi, 2011. ISBN 978-88-06-20134-0.
- L'ho uccisa perché l'amavo (falso!), le Loredana Lipperini, Roma-Bari, Laterza, 2013. ISBN 978-88-581-0730-0.
- Futuro interiore, Torino, Einaudi, 2016. ISBN 978-88-58-42341-7.
- Persone che devi conoscere, Padova, EMP, 2018. ISBN 978-88-25-03959-7.
- L'inferno è una buona memoria. Visioni da «Le nebbie di Avalon» di Marion Zimmer Bradley, Venezia, Marsilio, 2018. ISBN 978-88-31-72990-1.
- Istruzioni per diventare fascisti, Torino, Einaudi, 2018. ISBN 978-88-06-24060-8.
- Noi siamo tempesta, Milano, Salani, 2019. ISBN 978-88-93-81774-5
- Morgana. Storie di ragazze che tua madre non approverebbe, le Chiara Tagliaferri, Milano, Mondadori, 2019. ISBN 978-88-04-71711-9.
- Morgana. L'uomo ricco sono io, le Chiara Tagliaferri, Milano, Mondadori, 2021. ISBN 978-88-04-74501-3.
- Persone che devi conoscere. Vol. 2, Padova, EMP, 2021. ISBN 978-88-25-05103-2
- Stai Zitta, e altre nove frasi che non vogliamo sentire più, Torino, Einaudi, 2021. ISBN 978-88-06-24918-2.
- God Save the Queer. Catechismo femminista, Torino, Einaudi, 2022. ISBN 978-88-06-25910-5.
- Dare la vita, Rizzoli, 2024. ISBN 978-88-17-14779-8.
Úrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Il mondo deve sapere. Romanzo tragicomico di una telefonista precaria, Milano, ISBN, 2006. ISBN 88-7638-044-2. [Rist. Einaudi, 2017]
- Accabadora, Torino, Einaudi, 2009. ISBN 978-88-06-19780-3.
- L'incontro, Milano, Corriere della Sera, 2011. ISBN 978-88-06-21266-7. [rist. Torino, Einaudi, 2012]
- Chirú, Torino, Einaudi, 2015. ISBN 978-88-06-20633-8.
- Tre ciotole. Rituali per un anno di crisi, Milano, Mondadori, 2023. ISBN 978-88-04-77489-1.
Aistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Presente, le Andrea Bajani, Paolo Nori e Giorgio Vasta, Torino, Einaudi, 2011. ISBN 978-88-06-20945-2.
- L'aragosta, in Piciocas. Storie di ex bambine dell'Isola che c'è, Bologna-Napoli, Caracò, 2012. ISBN 978-88-97567-10-3.
- L'eredità, in Sei per la Sardegna, Torino, Einaudi, 2014. ISBN 978-88-06-22157-7.
- Elena, in Le nuove Eroidi, Milano, Harper Collins, 2019. ISBN 8869055582
- La sfida di una santità rivoluzionaria, in Maschilità in questione. Sguardi sulla figura di san Giuseppe, Brescia, Queriniana, 2021. ISBN 978-88-399-3435-2
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Michela Murgia (Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin) (2023). "Athmháthair". Éabhlóid.
- ↑ Michela Murgia (Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin) (2023). "Athmháthair". Éabhlóid.