Marian Finucane
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Bealtaine 1950 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 2 Eanáir 2020 69 bliana d'aois An Nás, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | pearsa raidió |
Fostóir | Raidió Teilifís Éireann |
Teaghlach | |
Céile | John Clarke |
Ba láithreoir raidió Éireannach as Baile Átha Cliath í Marian Finucane (21 Bealtaine 1950 - 2 Eanáir 2020).[1] Bhí sí ar dhuine de mhórchraoltóirí na hÉireann.[2] Ceannródaí sa chraoltóireacht ó thaobh cúrsaí ban de ab ea Marian Finucane.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhreastail Finucane ar scoil lán-Ghaeilge, Scoil Chaitríona ar Shráid Eccles san ardchathair, agus bhí neart Gaeilge aici dá réir.
Bhain sí cáilíocht amach mar ailtire agus le linn di a bheith ina mac léinn bhí sí gníomhach sa bhfeachtas a chuir stop le leagan na dtithe Seoirseacha i Sráid Hume in aice le Faiche Stiabhna.
Fuair Finucane a céad phost le RTÉ mar láithreoir leanúnachais i 1974.[3] Ina dhiaidh sin, thosaigh sí ag cur cláracha éagsúla i láthair a bhain le ceisteanna sóisialta an lae. Bhí sí ag obair ar feadh tamaill ar chláir a bhain le cúrsaí ban.[4] Ba í an chéad duine chun Women Today (sa bhliain 1979) a chur i láthair ar RTÉ Raidió 1.Tharraing a clár Women Today aird an phobail ar shaol na mban agus ar na dúshláin a bhí le sárú acu an t-am sin ina saol pearsanta agus oibre agus thug an clár sin ardán agus éisteacht dóibh.[2]
Ba í an chéad láithreoir ar an gclár raidió Liveline í (in 1985). Ar an teilifís, bhí na cláracha Consumer Choice agus Crime Line aici.
Ó 2005 go 2019, chuir sí The Marian Finucane Show i láthair ar RTÉ Raidió 1, seó mór-ráchairte a bhíodh ar siúl idir 11 a chlog agus am lóin gach Satharn agus Domhnach.[5]
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bronnadh Duais Jacobs ar Finucane as ucht a cuid oibre le Women Today.
Bhuaigh sí an Prix Italia do chlár faisnéise a rinne sí i 1979, Abortion: the Lonely Crisis, mar a ndeachaigh sí go Sasana in éineacht le bean óg a bhí ag dul anonn chun ginmhilleadh a fháil.[6][7]
In 1988, bronnadh sí an duais, The Radio Journalist of the Year uirthi.
In 2005, bhron Ollscoil na Gaillimhe céim onóracha uirthi.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Finucane bás tobann, ina “codladh”, ar 2 Eanáir 2020 agus in aois 69 bliain di. Trom ar an tobac, agus neamhrithimeacht chairdiach ag cur as di, bhuail niúmóine de shaghas éigin í is cosúil.[1] An t-amhránaí agus an Gael aitheanta Maighréad Ní Dhomhnaill a dúirt na hamhráin ag an Aifreann agus bhí an Ghaeilge sa treis sa rogha cheoil.[2]
Maireann a fear céile John Clarke agus a mac Jack, agus a leaschlann Jocelyn, Neil agus Timothy. Bhásaigh a hiníon Sinéad ón leoicéime i 1990 agus gan í ach ocht mbliana d’aois..
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Kathy Sheridan. "John Clarke on missing his wife Marian Finucane: ‘I didn’t realise how much we chatted’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-01-02.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "Sochraid Marian Finucane: ‘Cuimhneofar go deo uirthi mar gheall ar a buanna iontacha mar iriseoir’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-02.
- ↑ "An craoltóir Marian Finucane tar éis bháis" (as ga) (2020-01-02).
- ↑ "Ómós tugtha do Marian Finucane a bhásaigh inné" (as ga) (2020-01-03).
- ↑ "RTÉ Archives | Marian Finucane". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-01-02.
- ↑ "PressReader.com - Your favorite newspapers and magazines.". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2021-01-03.
- ↑ an croiait (2020-01-03). "Marian Finucane 1950 – 2020" (ga). ancroiait. Dáta rochtana: 2021-01-02.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |