Jump to content

Mainchín Seoighe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMainchín Seoighe
Beathaisnéis
Breith18 Lúnasa 1920
Baile Thancaird, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Iúil 2006
85 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmúdar, staraí, státseirbhíseach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scoláire, scríbhneoir agus feidhmeannach tábhachtach i gConradh na Gaeilge a bhí i Mainchín Seoighe, a rugadh i mBaile Thancaird in aice le Cill Mocheallóg i gContae Luimnigh ar an 18 Lúnasa 1920 agus a fuair bás ar an 3 Iúil 2006.[1]

Seán Seoighe agus Nóra Ní Dhéadaigh a bhí ar a thuismitheoirí, an fear ina fheirmeoir bheag agus an bhean ina gúnadóir, agus saolaíodh beirt chlainne eile don lánúin fosta, mar atá, na hiníonacha Neilí agus Máire. As an Ard-Easpag Dónall Ó Mainchín (Daniel Mannix) a baisteadh é. Chuaigh sé ar scoil i mBrú Rí, an scoil chéanna ina raibh Eamon de Valera féin ina dhalta nuair a bhí sé ina bhuachaill bheag. Bhí múinteoir darbh ainm Donncha Ó hArgáin ann agus é ag spreagadh na ndaltaí chun Gaeilge a fhoghlaim agus stair na hÉireann a staidéar, rud a chuaigh go mór i gcion ar Mhainchín óg. I ndiaidh scoil Bhrú Rí chaith sé bliain i gceardscoil Chill Fhionáin, ach ansin d'aistrigh sé go scoil na mBráithre Críostaí sa Ráth, Co. Chorcaí. Bronnadh scoláireacht Gaeilge air a cheadaigh dó cúrsa foghlama samhraidh a dhéanamh i gColáiste Eoghain Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh, Contae an Chláir. Thug sé taithneamh don choláiste agus choinnigh sé teagmháil leis ina dhiaidh sin féin. I ndeireadh na ndaichidí bhí sé ina bhall de choiste gnó an choláiste fosta.

Sa bhliain 1941 fuair sé post státseirbhísigh i gComhairle Chontae Luimnigh, áit ar fhan sé ag obair go dtí go ndeachaigh sé ar pinsean breis is dhá scór bliain ina dhiaidh sin. Is mar cholúnaí, mar scríbhneoir agus mar iriseoir ócáidiúil is mó a chuaigh sé greamaithe i gcuimhne na ndaoine. Scríobhadh sé colún ar an Limerick Leader faoin teideal Odds and Ends ina gcardáladh sé gnéithe de stair áitiúil an cheantair, cosúil leis na focail Ghaeilge a mhair i gcanúint Bhéarla na háite nó leis na bailéid Bhéarla a bhí á gcanadh ag muintir an cheantair. Bhreacadh sé síos ábhar Gaeilge don Leader freisin, agus is é an t-ainm cleite a chleachtaíodh sé sna haistí seo ná "An Mangaire Súgach", mar chomhartha ómóis don tseanfhile Aindrias Mac Craith.

Tháinig dhá leabhar déag i gcló óna pheann, ina mheasc dhá cheann as Gaeilge, mar atá, Maraíodh Seán Sabhat aréir agus Cois Máighe na gCaor.