Lluís Companys
Ba pholaiteoir Catalónach é Lluís Companys i Jover (El Tarròs (An Chatalóin), 21 Meitheamh 1882 - Barcelona, 15 Deireadh Fómhair 1940) a bhí ina Uachtarán ar rialtas féinstiúrtha na Catalóine nó Generalitat de Catalunya, le linn Dara Poblacht na Spáinne.
Féinrialtas na Catalóine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Polaiteoir Sóisialach a bhí ann agus é i gceannas ar Pháirtí Clé Poblachtánach na Catalóine, nó Esquerra Republicana de Catalunya.
Na Faisistithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Franco deireadh le féinrialtas na Catalóine sa bhliain 1939, tar éis Cogadh Cathartha na Spáinne a bhuachan dó.
Theith rialtas na Catalóine go dtí an Fhrainc. Ach nuair a d'fhorghabh na Gearmánaigh an Fhrainc i dtús an Dara Cogadh Domhanda, tháinig an Gestapo ar lorg Companys, agus ruaig siad as an bhFrainc go dtí an Spáinn é i Mí Mheán Fómhair, 1940.
Bás agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lámhachadh Companys i gCaisleán Montjuïc ar 15 Deireadh Fómhair 1940.
Tugadh a ainm ar an staid Oilimpeach i Montjuïc mar onóir iarbháis.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |