Jump to content

Liam Mac Carráin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Mac Carráin
Beathaisnéis
Breith14 Aibreán 1916
BásMárta 1998
81 bliana d'aois
Áit chónaitheBóthar na bhFál
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí teanga, file, duine an phoist Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
PáisteCiaran Carson, Liam Carson Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Liam Mac Carráin (nó William Carson) (1916-1998) ina scríbhneoir agus ina ghníomhaí ar son na Gaeilge i mBéal Feirste. Thuill sé gnaoi an phobail mar scéalaí agus mar scríbhneoir. Ba sna tríochaidí a thug sé grá don teanga den chéad uair. Chaith sé go leor dá chuid ama i nGaeltacht Dhún na nGall agus sult á bhaint aige as seanchas Mhicí Sheáin Néill (1901-1981). Bhí sé ina chúltaca ag Cumann Chluain Ard agus bhíodh fonn amhránaíochta agus scéalaíochta air i gcónaí ann, oícheanta Sathairn. Faightear léargas an-bheo ina chuid leabhar Is Cuimhin Liom an t-Am, Seo, Siúd agus Siúd Eile ar chúinsí an lucht oibre i mBéal Feirste sna 1930í, ar Bhóthar na bhFál agus ar an tSeanchill, agus Liam ag obair don Royal Mail. Le linn na dTrioblóidí dorcha, d'eagraigh sé ranganna oíche Gaeilge do Chaitlicigh agus do Phrotastúnaigh araon faoi scáth Chumann Oideachais na nOibrithe.

Mic leis iad Liam Carson agus Ciarán Carson.