Li He
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 790 (Féilire Ghréagóra) Contae Yiyang |
Bás | 816 (Féilire Ghréagóra) 25/26 bliana d'aois Contae Yiyang |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Tréimhse ama | Impireacht Tang |
Teangacha | An tSínis |
Teaghlach | |
Athair | Li Jinsu |
Ba fhile Síneach de ríshliocht lár-Tang é Li He (c. 790–791 - c. 816–817). Changji an t-ainm cúirtéise a bhí air, agus tugtar Guicai agus Shigui air freisin.
Cuireadh cosc air an scrúdú impiriúil a dhéanamh mar gheall ar thabú ainmnithe. Fuair sé bás an-óg, agus tugadh suntas don chaoi a mbíodh cuma thinn air i gcónaí.
Ba fhile dúthrachtach é. Théadh sé amach ar thurais i rith an lae agus nuair a thagadh líne filíochta chuige, bhreacadh sé í, agus chríochnaíodh sé an dán agus é sa bhaile an tráthnóna sin. Tá de cháil ar a dhánta fiosrú a dhéanamh ar théamaí taibhsiúla, osnádúrtha agus fantaiseacha.
I gcanóin liteartha na Síne bíonn an meas atá air thuas seal thíos seal. Dhéantaí aithris ar a stíl ríshainniúil sa tSín go dtí ré Qing. Le linn na ré sin, tháinig athrú ar ar tóir a bhí ar a chuid filíochta mar gheall ar athru a tháinig ar an rud a theastaigh ó léitheoirí. Níor tugadh bheith istigh dá chuid dánta sa chnuasach Three Hundred Tang Poems ach tháinig borradh arís faoin tsuim a cuireadh ina chuid filíochta san fichiú haois. Bhí sé i measc na bhfilí Tang ba mhó a raibh meas ag Mao Zedong orthu.