Laurence Parsons
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Samhain 1840 Biorra |
Bás | 29 Lúnasa 1908 67 bliana d'aois |
4 Fear Ionaid an Rí Contae Uíbh Fhailí | |
13 Meitheamh 1892 – 29 Lúnasa 1908 – William Parsons, 5ú hIarla Rosse ⊟ | |
Ball de Theach na dTiarnaí | |
luach anaithnid | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | réalteolaí |
Ball de | |
Eile | |
Teideal uasal | Cunta |
Céile | Frances Cassandra Hawke-Harvey (1870–) |
Páiste | William Parsons, 5ú hIarla Rosse, Geoffrey Lawrence Parsons, anaithnid Parsons, An Bhantiarna Muriel Frances Mary Parsons |
Athair | William Parsons agus Mary Parsons |
Siblín | Charles Algernon Parsons |
Gradam a fuarthas |
Mac le William is Mary Parsons, 4ú Iarla an Rois, réalteolaí a rugadh i mBiorra, Contae Uíbh Fhailí, in Éirinn, ab ea Laurence Parsons (17 Samhain 1840 – 29 Lúnasa 1908). Rinne sé feabhsuithe ar an dá theileascóp i bhfoirm cloig uisce chun na struchtúir mhóra throma a thiomáint is a dhíriú. Ghnóthaigh sé cáil as a thomhais leis an teileascóp 0.9 m ar theocht dhromchla na Gealaí agus grafanna na teochta ar feadh línte uirthi. Níor tuigeadh tábhacht na dtomhas seo go dtí blianta fada ina dhiaidh sin.
Rugadh Parsons i gCaisleán Bhiorra, Parsonstown, i gContae Uíbh Fhailí (Contae an Rí ag an am). Réalteolaí ab ea athair Laurence chomh maith, a thóg an teileascóp mór ar a tugadh "the Leviathan of Parsonstown". Réalteolaí amaitéarach agus grianghrafadóir a bhí ina mháthair, an Chuntaois Rosse (née Mary Field).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Laurence Parsons". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 507.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |