J. S. Verma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Eanáir 1933 Satna, An India |
Bás | 22 Aibreán 2013 80 bliana d'aois Gurugram, An India |
27 Príomh-Bhreitheamh na hIndia | |
25 Márta 1997 – 18 Eanáir 1998 ← Aziz Mushabber Ahmadi – Madan Mohan Punchhi ⊟ | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Allahabad |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh |
Gradam a fuarthas |
An seachtú Príomh-Bhreitheamh is fiche ar an India (25 Márta 1997 go 18 Eanáir 1998) ba ea Jagdish Sharan Verma (18 Eanáir 1933 – 22 Aibreán 2013).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid Ollscoil Allahabad, bhí J. S. Verma ina dhlíodóir ó 1955 go 1972, nuair a ceapadh ina bhreitheamh d'Ard-Chúirt Madhya Pradesh é. Bhí sé ar an líon beag breithiúna a chuir in aghaidh na hÉigeandála a bhí ann ó 1975 go 1977.[1]
Ceapadh ina Phríomh-Bhreitheamh ar Ard-Chúirt Madhya Pradesh é sa bhliain 1985 agus ina Phríomh-Bhreitheamh ar Ard-Chúirt Rajasthan an bhliain dár gcionn.
Cúirt Uachtarach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ar Chúirt Uachtarach na hIndia ar feadh beagnach naoi mbliana, na deich mí dheireanacha mar Phríomh-Bhreitheamh.[1]
Agus J. S. Verma ina bhall den Chúirt Uachtarach, bhí páirt aige sa leathnú a tharla ar leigheasanna breithiúnacha maidir le damáiste don chomhshaol, neamh-chomhionannas inscne, éilliú agus ionsaí ar neamhspleáchas na mbreithiúna. Ag an am céanna, bhí sé ag caomhnú cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a aithníodh roimhe sin, go mór mór má bhí nádúr saolta an stáit Indiaigh i mbaol nó má bhí mí-úsáid á baint as cumhachtaí tugtha ag reachtaíocht slándála náisiúnta.[1]
Ar scor
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis dó éirí as mar bhall den Chúirt Uachtarach, bhí J. S. Verma ina chathaoirleach ar an gCoimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine ó 1999 go 2003, tráth a raibh an Coimisiún chun tosaigh san iarracht na daoine a bhí taobh thiar díobh a dhéanamh freagrach as na hainghníomhartha a tharla i nGujarat sa bhliain 2002.[1]
Bhí J. S. Verma gníomhach sa saol poiblí go dtí deireadh a shaoil beagnach, mar chrann taca do chúiseanna ar nós an chirt chun faisnéise. Is é an ról tábhachtach deireanach a bhí aige cathaoirleacht Choiste Verma, a rinne athbreithniú ar na leasuithe ar an dlí coiriúil a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun dul i ngleic le héigniú agus ionsaí gnéasach go héifeachtach. Cuireadh roinnt moltaí a rinne an Coiste i bhfeidhm tríd an Reacht um an Dlí Coiriúil (Leasú), 2013 agus an tAcht um an Dlí Coiriúil (Leasú), 2013.[1]