Jump to content

Ionduchtú leictreamaighnéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ionduchtú leictreamaighnéadach

Is éard atá i gceist le hionduchtú leictreamaighnéadach[1] ná cruthú fórsa leictreaghluaisnigh (flg, nó emf, ina voltaí) i seoltóir tríd an seoltóir a ghluaiseacht i réimse maighnéadach nó an réimse atá mórthimpeall an tseoltóra a athrú.

De réir dlí Faraday (1831), is ionann an flg a chruthaítear agus ráta athraithe an fhlosca mhaighnéadaigh tríd an seoltóir, méadaithe faoi -1.

É seo is bun le gineadóir srutha ailtéarnaigh (SA) de shaghas an dineamó, agus feidhmiú an trasfhoirmeora is an mhótair.[2]

  1. “ionduchtú leictreamaighnéadach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-19.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ionduchtú leictreamaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 376.