Gang Liu
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Eanáir 1961 63 bliana d'aois Liaoyuan, Daon-Phoblacht na Síne |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Phéicing Ollscoil Nua-Eabhrac Ollscoil Columbia Ollscoil Eolaíochta agus Teicneolaíochta na Síne |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Matamaitic |
Gairm | polaiteoir, fisiceoir, eolaí ríomhaireachta, gníomhaí ar son chearta an duine, matamaiticeoir, airgeadaí, fisiceoir teoiriciúil |
Fostóir | an Institiúid Ard-Léinn |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1989 | sléacht i gCearnóg Tiananmen |
Teaghlach | |
Athair | Liu Guichun |
Suíomh gréasáin | jasmine-action.blogspot.com |
Matamaiticeoir, fisiceoir, gníomhaí ar son an daonlathais, agus innealtóir Síneach-Mheiriceánach a saolaíodh in Liaoyuan, Cúige Jilin, sa tSín is ea Gang Liu (Pinyin:Gāng Liú, Sínis shimplithe: 刘刚; r. 30 Eanáir 1961).[1][2]
Glacadh isteach é i roinn na fisice in Ollscoil Bhéising i bpríomhchathair na Síne sa bhliain 1982 agus ní ba dhéanaí bronnadh máistir eolaíochta sa radharceolaíocht air. Sa bhliain 1989 bhí sé ar dhuine de na ceannairí, in éineacht le Wang Dan agus Wuerkaixi, i ngluaiseacht dhaonlathais na mac léinn sa tSín. I ndiaidh na hagóidí sin a chur faoi chois, chuir rialtas na Síne é sa tríú háit ar liosta na ndaoine ba mhó ar iarraidh. Gabhadh é agus gearradh 6 bliana príosúnachta air.
Agus é saor sa bhliain 1996, níorbh fhada go raibh sé i bponc arís ar chúiseanna polaitiúla ach d'éirigh leis éalú go dtí an Iarthar. Bronnadh céim mháistir sa ríomheolaíocht air in Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac. Chaith sé tamall ag Bell Labs in Murray Hill, New Jersey freisin, sa Roinn Taighde ar Mhatamaitic Líonraí agus Córas, ag obair ar dearadh agus pleanáil líonraí radharceolaíochta, srl. D'oibrigh Liu Gang ina dhiaidh sin do Morgan Stanley i gCathair Nua-Eabhrac mar anailísí IT.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Liu Gang" (English). American Association for the Advancement of Science. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Meitheamh 2013. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2015.
- ↑ http://nypost.com/2011/08/07/torment-of-tiananmen/ New York Post, 2011. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2015
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |