Fleibíteas
Cuma
Is é rud is fleibíteas[1] ann ná athlasadh féithe, bainteach le féitheacha borrtha go coiteann. Tarlaíonn sé go minic le trombóis na fola sa bhféith, agus ansin tugtar trombaifleibíteas air. Is iad na féitheacha sna cosa is minice a bhíonn buailte leis, agus uaireanta tarlaíonn sé i ndiaidh breith clainne nó máinliachta, nó le cónaí na fola sna cosa tar éis aistir fhada. Más géar an fleibíteas, is féidir go dtarlóidh othrasú an chraicinn os cionn na féithe is éidéime sna cosa. Is í an aimhréidh is measa ná eambólacht, do na scamhóga go háirithe.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): fleibíteas” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fleibíteas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 275.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |