Flórans
Flórans | |||||
---|---|---|---|---|---|
Firenze (it) | |||||
Leasainm | Florence | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Tír | an Iodáil | ||||
Réigiún san Iodáil | An Tuscáin | ||||
Metropolitan city of Italy (en) | Ceannchathair Fhlórans | ||||
Príomhchathair de | An Tuscáin Signoria of Florence (en) Poblacht Fhlórans (1115–1532) Diúcacht Fhlórans (1532–1569) Ard-Diúcacht na Tuscáine (1569–1860) Ríocht Etruria (1801–1807) Arno (1808–1814) Ríocht na hIodáile (1865–1871) Cúige Fhlórans (–2014) Ceannchathair Fhlórans (2015–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 360,930 (2023) | ||||
• Dlús | 3,527.46 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Iodáilis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 102.32 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Arnó | ||||
Airde | 50 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Éarlamh | Eoin Baiste | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | municipal executive board of Florence (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Florence City Council (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 50100 agus 50121–50145 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 055 | ||||
Cód NUTS | ITE14 | ||||
Aitheantas ISTAT | 048017 | ||||
Cód cadastair na hIodáile | D612 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | comune.fi.it | ||||
Cathair chois Abhainn Arno sa Tuscáin é Flórans. Firenze an t-ainm Iodáilise inniu, agus Florentia an chéad ainm Laidine a bhí air nuair a bhunaigh Iúil Caesar mar choilíneacht d'iarshaighdiúirí Rómhánacha é sa bhliain 59 RC. Fiorenza an seanlitriú Iodáilise nach n-úsáidtear a thuilleadh.
Is é Flórans an t-ochtú cathair is mó san Iodáil agus an chathair is mó sa Tuscáin inniu, nó tá milliún go leith duine ina gcónaí sa chathair nó sa cheantar uirbeach a bhaineann léi. Is é Flórans príomhchathair an réigiúin freisin, ó thaobh na gcúrsaí riaracháin de. Bhí an-ról ag an gcathair i stair chultúrtha an Renaissance, agus d'fhág ealaíontóirí móra na linne a n-oidhreacht ar an áit. Níos déanaí, ón mbliain 1865 go dtí an bhliain 1870, ba phríomhchathair Ríocht na hIodáile é Flórans. Tarraingíonn iontais na healaíne agus na hailtireachta na mílte turasóirí go dtí an áit gach uile bhliain.
Bhí rogha ealaíontóirí clasaiceacha na hIodáile ina gcónaí i bhFlórans, agus ba ansin a rugadh cuid mhór acu. Tá baint éigin le Flórans ag Dante Alighieri (file), Giovanni Boccaccio (scríbhneoir ceannródaíoch gearrscéalta anghrácha), Leonardo da Vinci (ealaíontóir agus eolaí), Sandro Botticelli (ealaíontóir), Niccolò Macchiavelli (fealsamh agus státaire, a chuir tús leis an eolaíocht pholaitiúil mar chraobh léinn), Filippo Brunelleschi (ealaíontóir), Michelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni (ealaíontóir), Donatello di Niccolò di Betto Bardi (ealaíontóir), Galileo Galilei (réalteolaí), Caterina de' Medici (baintreach an rí Fhrancaigh Annraoi a Dó, agus í ag déanamh ghnó na Banríona sa Fhrainc i ndiaidh bhás a fir chéile sa séú haois déag), Antonio Meucci (innealtóir Iodálach a rinne taighde ar aistriú na fuaime sa naoú haois déag - creideann cuid mhór Iodálach gurbh eisean agus níorbh é Alexander Graham Bell a chéadcheap an teileafón), Guccio Gucci (dearthóir éadaí agus gróintín gnó), Salvatore Ferragamo (dearthóir bróg), Roberto Gavalli (dearthóir éadaí), agus Emilio Pucci (dearthóir éadaí).
Is síol faoi thíreolaíocht na hIodáile é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |