Jump to content

Decamerone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharDecamerone
(it) Il Decameron, cognominato Prencipe Galeotto Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha agus bailiúchán gearrscéalta Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarGiovanni Boccaccio Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaIodáilis na Meánaoise Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Iodáil, Poblacht Fhlórans agus An Impireacht Naofa Rómhánach
Dáta a bunaíodh1349 ↔ 1353
CodannaProem (en) Aistrigh
Day 7 (en) Aistrigh
Day 6 (en) Aistrigh
Day 8 (en) Aistrigh
Day 9 (en) Aistrigh
Day 10 (en) Aistrigh
Day 5 (en) Aistrigh
Day 3 (en) Aistrigh
Day 4 (en) Aistrigh
Day 1 (en) Aistrigh
Day 2 (en) Aistrigh
Conclusion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánranóibhille Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaFlórans Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir OCLC58887280 Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: b9a30a7d-8b2a-4943-ab81-32898b448315 Cuir in eagar ar Wikidata

Is leabhar le Giovanni Boccaccio é Decamerone (ón sean-Ghréigis δἐκα, déka, "deich", agus ἡμέρα, hēméra "lá") a thagraíonn don deich lá ar a bhfuil an leabhar bunaithe. Ceaptar gur scríobhadh é idir 1349 agus 1353 agus breacadh síos é in Iodáilis bunúsach.

Decameron, 1492
Bialann Paoli (Floráns), 1916
Leagan Floráns 1573
Leagan Genova 1913

Insítear dúinn faoi seachtar ban óg agus triúr stócach a bhfuil ar teitheadh ón ngalar dubh (nó an An Phlá Mhór) i bhFlóiréans sa tríú haois déag. I dteach sna chnoic, réitíonn siad go n-inseoidh gach duine den deichniúr scéal gach lá den deich lá atá siad sainithe ann. Is féidir eolas cruinn a aimsiú faoin ngalar dubh agus an chaoi ar chuaigh sé i bhfeidhm ar muintir na hEorpa ag an t-am sin tríd iniúchadh géar a dhéanamh ar an leabhar.

Bhí dhá lá sa bhreis acu, ceann a úsáideadh le haghaidh obair tí agus an ceann eile a bhí mar bhriseadh i gcomhair ómós a thabhairt do Dhia.

Sé tús an leabhair ná:

Comincia il libro chiamato Decameron, cognominato Prencipe Galeotto, nel quale si contengono cento novelle in dieci dì dette da sette donne e da tre giovani uomini.

Is é sin foinse an chéad scéal ar bhunaíodh an leabhar.

Is dócha gurb é an Decameron - an chéad saothar próis i dteanga nua-aimseartha - ba mhó a chuaigh i gcion ar scríbhneoirí tar éis na hAthbheochana. Séard a bhí ann ná céad scéal ag déileáil le nádúr an duine agus a staid éidreorach sa saol.  

D’úsáid Boccaccio stíl nua a d'aontaigh eilimintigh an romans chuirtéisigh agus eilimintí an fabliau agus freisin rinne sé scigmhagadh ar fhoirmeacha eile meánaoiseacha.[1]

Tá tionchar ollmhór ag an leabhar ar litríocht ó ghlúin go glúin. Deirtear mar shampla gur bhunaíodh cuid de Canterbury Tales le Geoffrey Chaucer air. Chuaigh scríbhneoireacht Boccaccio i gcion ar leithéidí Marguerite de Navarre sa bhFrainc, a scríobh an Heptaméron; George Pettie[2] sa Bhreatain, agus Cervantes a scríobh Novelas Ejemplares - scéalta gearra bríomhara. Agus gan amhras ar Rabelais, a scríobh Gargantua agus Pantagruel, aor ar institiúidí an ama.

De bharr an gáirsiúlacht - agus in ainneoin an greann bunúsach - cuireadh cosc ar an leabhar ó am go chéile i rith na céadta ó shin.

Faightear cuid de na scéalta i mbéaloideas na hÉireann.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Mélre Ni Ghréda. Miontráchtas M. A. - Ollscoil na hÉireann, 1992: "FANTAISÍOCHT ague AN OEARRSCÉAL COMHAIMSEARTHA".
  2. "George Pettie" (as en) (2023-09-03). Wikipedia. 
  3. Bo Almqvist (1990). "The Mysterious Mícheál Ó Gaoithín, Boccaccio and the Blasket Tradition. Reflections Occasioned by James Stewart's Boccaccio in the Blaskets". Béaloideas 58: 75–140. doi:10.2307/20522357. ISSN 0332-270X.