Jump to content

Dífhaecú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is dífhaecú[1] ann ná díbirt an fhaecais ón bputóg. Borrann an faecas an reicteam, agus trí ghníomhú athfhillteach dá bharr, crapann na matáin ansin, bogann iatóir inmheánach an anais go neamhdheonach, agus tagann mian dífhaecaithe ar dhuine. Tarlaíonn an dífhaecú go deonach trí chrapadh na matán sa bholg (teannadh) agus bogadh iatóir seachtrach an anais.[2]

  1. “dífhaecú” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-25.
  2. Hussey, Matt (2011). "Dífhaecú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 211.