Jump to content

Crith talún sa Tibéid, 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCrith talún sa Tibéid, 2025
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 28° 38′ 20″ N, 87° 21′ 40″ E / 28.639°N,87.361°E / 28.639; 87.361
Cineálcrith talún Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana7 Eanáir 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhArdchlár na Tibéide Cuir in eagar ar Wikidata, Tingri County, Daon-Phoblacht na Síne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírDaon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint)7.1 Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach10 km Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla crith talún sa Tibéid, gar don teorainn le Neipeal. ar an 7 Eanáir 2025. Fuair b'fhéidir 135 duine bás Ní raibh an méid sheismeach ach timpeall 7.0 áfach.

Tá an Tibéid suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil pláta teicteonach na hIndia agus pláta teicteonach na hEoráise ag brú a chéile agus tarlaíonn creathanna talún sa réigiún go rialta dá bhíthin sin.[1]

Is i gceantar iargúlta Tingri, atá suite ar thalamh ard, a bhí croílár an chreatha. Dar le saineolaiithe sa tSín go raibh méid sheismeach de 6.8 sa chrith ach deir suirbhéirí geolaíochta sna Stáit Aontaithe gur 7.1 a bhí ann. Bhí an crith chomh láidir sin gur airíodh é i bpríomhchathair Neipeal, Katmandu, agus in áiteanna san India.

Leacaíodh os cionn 1,000 teach de bharr na tubaiste agus bhí go leor daoine sáinnithe sa smionagar. Bhí sé ocht gcéim faoi bhun an reophointe sa cheantar agus gur mór an dúshlán ag lucht tarrthála agus lucht fóirithinte an áit a bhaint amach.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-01-07). "100 duine maraithe mar gheall ar chrith talún sa Tibéid" (as ga-IE).