Cráitéar Chicxulub
Cineál | Impact crater (en) | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Yucatán, Meicsiceo | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Toisí | 180 () km | |||
Stair | ||||
Blian aimsithe | 1981 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Dáta a bunaíodh | 66 milliún bliain RCh | |||
Cráitéar imbhuailte is ea an Cráitéar Chicxulub atá curtha faoi Leithinis an Yucatáin, i Meicsiceo. Tá a lárionad suite amach ón gcósta in aice le pobal Chicxulub, a bhfuil sé ainmnithe ina dhiaidh. Cruthaíodh é beagán os cionn 66 milliún bliain ó shin nuair a bhuail astaróideach mór, timpeall ar 10 gciliméadar ar trastomhas, an Domhan. Meastar go bhfuil an cráitéar ar 180 ciliméadar ar trastomhas, agus ar 20 ciliméadar ar doimhneacht. Is é an dara struchtúr imbhuailte deimhnithe is mó ar domhan, agus an t-aon cheann a bhfuil a bhuaicfháinne slán agus insroichte go díreach le haghaidh taighde eolaíoch.
D'aimsigh Antonio Camargo agus Glen Penfield an cráitéar, geoifisiceoirí a bhí ag lorg peitriliam i Leithinis an Yucatáin le linn deireadh na 1970idí. Ar dtús, ní raibh Penfield in ann fianaise a fháil go raibh an ghné gheolaíoch cráitéir ina chráitéar agus thug sé suas a chuardach. thug d'éirigh sé as a chuardach. Níos déanaí, trí theagmháil le Alan R. Hildebrand i 1990, fuair Penfield samplaí a thug le le tuiscint gur ghné imbhuailte a bhí ann. I measc na fianaise d'imbhuailte an chráitéir tá grianchloch thurrainge a bhfuil aimhrialtacht domhantarraingthe agus teictití sna ceantair máguaird.
Comhtharlaíonn dáta an imbhuailte le teorainn an Chailcigh - Pailéigéine (ar a dtugtar teorainn K-Pg nó K-T de ghnáth). Glactar leis go forleathan anois gurbh é an léirscrios agus cur isteach ar an aeráid ba chúis leis an teagmhas díobhaidh an Chailcigh-Pailéigéine, olldíothú 75% de speicis phlandaí agus ainmhithe ar an Domhan, lena n-áirítear na dineasáir neamhéanúla go léir.