Jump to content

Cothromóidí comhuaineacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dhá chothromóid, nó níos mó, atá fíor ag an am céanna. Maidir le dhá chomhchothromóid chomhuaineacha le dhá athróg anaithnide, cosúil le x y = 5 agus x - y = 3, bíonn péire réiteach amháin, sa chás seo x = 4 agus y = 1. Ach is féidir go mbeidh uimhir éigríochta réiteach acu, mar a tharlaíonn sa chás seo: x 2y = 3 agus 2x 4y = 6, a bhfuil na réitigh sa bhfoirm seo a leanas: x = k agus y = ½ (3 - k). Is féidir nach bhfuil aon réiteach acu freisin, mar is fíor sa chás seo: x 2y = 4 agus x 2y = 5. Is mar an gcéanna i gcás n cothromóid chomhuaineach le n athróg anaithnid: is féidir go bhfuil tacar amháin réiteach aonarach ann, nach bhfuil réiteach ar bith ann, nó uimhir éigríochta réiteach ann.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cothromóidí comhuaineacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 176.