Jump to content

Cathal Ó Sándair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathal Ó Sándair
Beathaisnéis
Breith1922
Weston-super-Mare, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1996
73/74 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmúdar, scríbhneoir ficsean eolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFicsean óg
TeangachaAn Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach

Údar Gaeilge ba ea Cathal Ó Sándair (15 Iúil 1922 - 18 Feabhra 1996). Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór.[1][2] Ba é an chéad duine é ar bronnadh Gradam Bhord na Gaeilge air.

I i Weston-super-Mare, Somerset, a rugadh Cathal Ó Sándair ar an 15 Iúil 1922. B’as Dorset dá athair Simon Saunders; faoin ainm Darkey Saunders, bhain sé clú amach mar dhornálaí aitheanta. Ba í Florence Elliot ó Shráid Camden, Baile Átha Cliath, máthair Chathail agus bhíodh sise ag obair i monarcha i mBriostó nuair a bhuail sí le Simon.

D’fhan siad i Sasana ar feadh tréimhse ach ansin rinne siad cinneadh bogadh ar ais go hÉirinn lena bpáistí, agus Cathal ina lapadán fós. Chuaigh Simon Saunders isteach in arm an tSaorstáit agus chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire Caoimhín Ó hUiginn.

Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal. Ba dhuine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla sna blianta 1937 agus 1938.

Cuireadh oideachas ar Cathal i Scoil Treasa, Ascaill Dhún Uabhair, agus i meanscoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge. Le linn dó a bheith ag freastail ar an dhá scoil sin a músclaíodh spéis ann sa Ghaeilge agus sa scríbhneoireacht. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa Ghaeilge agus cuireadh chun na Gaeltachta é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, Our Boys, agus sé bliana déag aige.

I ndiaidh dó an scoil a fhágáil liostáil sé san Aer-Chór i mBaile Dhónaill. Bhí sé ina bhall de Ghlúin na Buaidhe, a bpáipéar Inniu á dhíol aige agus fógraí á mbailiú aige. Scríobh sé ailt go rialta don pháipéar sin freisin. Nuair a bunaíodh an Roinn Soláthairtí, roinn sealadach in aimsir an Chogaidh, chaith sé tamall ag obair ann. Ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach sa tSeirbhís Chustaim.

Eachtraí Réics Carló, Uimh. a Ceathair: Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh (1944)

I 1942 a foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, agus i 1943, Na Mairbh a d’Fhill foilsithe ag An Gúm. Díoladh 30,000 cóipeanna de agus lean Ó Sándair air ag scríobh go fonnmhar. Sa bhliain 1954 d’éirigh sé as a phost le bheith ag scríobh go lán-aimseartha,

Foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, Tríocha Píosa Airgid, sa bhliain 1942, agus thosaigh sé ar shraith de scéalta bleachtaireachta le Na Mairbh a d'Fhill an bhliain a bhí chugainn. Tuairim is céad leabhar a scríobh sé faoin mbleachtaire Réics Carló agus bhí díol an-mhór orthu ar feadh breis agus fiche bliain.

Bhí sraitheanna eile aige freisin, faoi shirriam in Iarthar Fiáin Mheiriceá, Réamonn Óg, an spástaistealaí an Captaen Spéirling agus laochra eile.

D'éirigh sé as a phost sa bhliain 1954 agus chuaigh leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha. Ach tar éis tamaill bhí sé fágtha ar an gannchuid agus tar éis naoi mbliana den sclábhaíocht a bhain leis an scríbhneoireacht, chuaigh sé ar ais sa státseirbhís sa bhliain 1963 mar oifigeach custaim arís. Deirtear go mbagair sé dul ar imirce go Ceanada mura nglacfaí ar ais sa státseirbhís é.

Scríobh sé úrscéal Béarla Bullets are Trumps sa tsraith i dtaobh Sexton Blake, bleachtaire, a tháinig amach sa bhliain 1961.

Fuair sé bás an 18 Feabhra, 1996.

Bhí sé pósta le Máire McGeown as Ard Mhacha agus bhí ceathrar clainne acu.

Roinnt saothar leis

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Tríocha píosa airgid (1942)
  • Na Mairbh a d’Fhill (1943), an chéad scéal faoi laoch na sraithe, Réics Carló
  • An tEiteallán Do-Fheicthe (1943)
  • Tríocha Píosa Airgid (1943)
  • Jacko agus Sgéalta Eile (1943)
  • An Corpán sa Trúnc (1944)
  • Dúnṃharbhú i bPáirc an Chrócaigh (1944)
  • Uathbhás i mBrugh na Bóinne (1944)
  • An Gluaisteán Sidhe (1945)
  • Súile an Iodhail (1945)
  • An Lá Geal (1945)
  • An Chathair Seo 'Gainne (Ocht ngearr-scéal) (1947)
  • Soir ón Rio Grande (1949)
  • Réics Carló ar an nGealaigh (1950)
  • Réics Carló san Aifric (1951)
  • Réics Carló ar Dhá Eachtra eile (Réics Carlo ar Mhars & Dúnmharú ar an gCanáil) (1951)
  • Réics Carló san Éigipt (1951)
  • Bealach an Ghunna (1951)
  • Buachaillí Chluain Éanna (1952)
  • Réics Carló i gCairlinn (1952)
  • Réics Carló i bPáris (1952)
  • John Joe (1952)
  • Cás-Leabhar Réics Carló (1952)
  • An Buachaill Bán (1952)
  • Cailiní Chluain Éanna (1952)
  • Réamonn Óg ar an Rio Grande (1952)
  • Fir an Iarthair Fhiain (1952)
  • Réics Carló ó Sráid Fhearchair (1952)
  • Cluain Éanna go Bráth (1953)
  • Cluain Éanna Arís (1953)
  • Iníon an Iarthair (1953)
  • Réics Carló sa tSín (1953)
  • Micilín (1953)
  • An Triú Adambhomba (1953)
  • Réics Carló agus an Maisín Fé-Thalamh (1953)
  • An Bóthar go Cuailgne (1953)
  • Réics Carló sa Bhreasail (1953)
  • Bliain ón mBás (1953)
  • Réics Carló sna Stáit Aontaithe (1953)
  • An Stróinséir ó Théacsas (1953)
  • An tIndiach ó Éirinn (1953)
  • Réics Carló agus Rún an Iarnróid Dúnta (1953)
  • Réics Carló agus Cás an Amhránaí Sráide (1953)
  • Réics Carló agus an Cró-Dheamhan (1954)
  • Réics Carló i Londain (1954)
  • Cuir Fios ar Réics Carló (1954)
  • Réamonn Óg, Sirriam (1954)
  • Réics Carló agus Ridire an Chaisleáin Duibh (1954)
  • Réics Carló agus Mistéire na nÉan gan Sciatháin (1954)
  • Uafás i gCluain Éanna (1954)
  • Réamonn Óg Arís (1954)
  • Réamonn Óg ar a Choimeád (1954)
  • Cailíní Chluain Éanna agus Fear an Chlóca Dhuibh (1954)
  • Buachaillí Chluain Éanna agus an Spiaire ón Spéir (1954)
  • Réics Carló, Taighdeálaí Príobháideach (1954)
  • Réamonn Óg i nGleann an Bháis (1954)
  • Réamonn Óg, Cara na nIndiach (1955)
  • Réics Carló i Meicsicó (1955)
  • Cluain Éanna Arís (1955)
  • Réics Carló agus Mistéire an Chuain (1955)
  • Mistéir na Scoile ar Muir (1955)
  • Réics Carló agus an Mhaidhm Bháite (1955)
  • Réics Carló agus Cás an Cháilín Fhuadaithe (1955)
  • Réics Carló i bPort Láirge (1955)
  • Réics Carló agus Cás an Mhilliúnaí Mhairbh (1955)
  • Réics Carló agus Mistéire na Loinge Sí (1955)
  • Faoi Bhratach an Bháis (1955)
  • Sorcha Ghlionnáin agus Ballaí Indreabháín (1955)
  • Réamonn Óg agus Díoltas an Indiaigh (1955)
  • Cuir Fios ar Réamonn Óg (1955)
  • Réamonn Óg ó Lodestone (1955)
  • Buachaillí Chluain Éanna agus an Mac Léinn is Raimhre ar Bith (1955)
  • Réics Carló i nDún na nGall (1956)
  • Réics Carló i gContae Mhuineacháin (1956)
  • Réics Carló i nDún Dealgán (1956)
  • Réics Carló agus Mistéire an Oileáin (1956)
  • Réics Carló i gContae Chill Mantáin (1956)
  • An tSeamhróigín Dhilís (1956)
  • An Sean-Siopa Dorcha (1956)
  • Réamonn Óg agus Indiagh ar an Teorainn (1956)
  • Cuir Fios ar Scorach Ghlionnáin (1956)
  • Réamonn Óg agus Rí an Mhachaire (1956)
  • An Captaen Toirneach ar an Meánmhuir (1956)
  • An Captaen Toirneach ar Eachtra Eile (1956)
  • Mo Chara, mo Namhaid (1967)
  • Captaen Toirneach agus Ór-Thaisce na Spáínnach (1956)
  • Réics Carló i gCorcaigh (1956)
  • Réamonn Óg agus Marcaigh na hOíche (1957)
  • Réamonn Óg agus Éirí-Amach na nIndiach (1957)
  • Réamonn Óg agus Marcaigh Ghleann an Bháis (1957)
  • Réics Carló Arís (1957)
  • Scorach Ghlionnáin ó Chonamara (1957)
  • An Captaen Toirneach Arís (1957)
  • Réics Carló agus an Fear do bhí Ró-Saibhir (1957)
  • An Chéad Bhliain i gCluain Éanna (1959)
  • Faoi Sheol leis an gCaptaen Toirneach (1959)
  • Réamonn Óg, Sirriam gan Eagla (1959)
  • Réamonn Óg agus an tÓr-Mhianach Caillte (1959)
  • Díoltas Réamonn Óg (1959)
  • Réamonn Óg agus an Marcach Dubh (1960)
  • Le Columbus go Meiriceá (1960)
  • Réamonn Óg agus Ór an Sprionlóra (1960)
  • An Captaen Spéirling agus an Plainéad do Phléasc (1960)
  • Réamonn Óg, Namhaid na mBithúnach (1960)
  • Réamonn Óg an Bó-bhuachaill Bómanta (1960)
  • Eachtraí Buachaillí Chluain Éanna (1960)
  • An Captaen Spéirling Arís (1960)
  • Leis an gCaptaen Spéirling go Mars (1961)
  • Eachtra Dheireannach Réamonn Óig (1961)
  • An Sean-Siopa Dorcha (1961)
  • Captaen Spéirling, Spás-Phíolóta (1962)
  • An Campa sna Sléibhte (1962)
  • Íobairt Sheáin (1962)
  • An Príosúnach (1962)
  • Prionsa, Rí na Madraí (1963)
  • Mo Chara, mo Namhaid (1964)
  • Ar Son a Charad (1964)
  • Mo Mhadra Prionsa (1964)
  • Rún m’Athar (1964)
  • An Clódóir Óg (1964)
  • Mo Ghaiscíoch, Micheál (1965)
  • Prionsa an tSléibhe (1965)
  • Prionsa Arís (1965)
  • Uafás I mBrú na Bóinne (1970) Reprint
  • An Glór Glé Glinn Fadó (1980)
  • Fáilte ar Ais, a Réics (1981)
  • Réics Carló ar Oileán Mhanainn (1984)
  • An Glór Glé Glinn Fadó, Foilseacháin Ábhair Spioradalta (FS), Baile Átha Cliath, 1980
  • Reks Carlo Ayns Mannin (aistriúchán Gaelg ar Réics Carló ar Oileán Mhanainn), Yn Çheshaght Ghailckagh, Peel, 2006
  • Na Mairbh a d'fhill (An Gúm, eagrán nua 2022)
  • An tEitleán Dofheicthe (An Gúm, eagrán nua 2022).

I mBéarla mar Cahill O'Sandair

  • Introducing Ambrose, Catholic Truth Society of Ireland, Baile Átha Cliath, 1950
  • Ambrose and the Parrot, Irish Messenger Office, Baile Átha Cliath, 1951
  • Ambrose and the Phantom, Irish Messenger Office, Baile Átha Cliath, 1951
  • Pat Sees the Truth, Irish Messenger Office, Baile Átha Cliath, 1951

I mBéarla mar Desmond Reid

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Ó SÁNDAIR, Cathal (1922–1996)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-11-16.
  2. "Ó Sándair, Cathal | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-12-05.