Jump to content

Caorthann corraigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCaorthann corraigh
Valeriana officinalis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deValerian root oil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhaicéin Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdDipsacales
FineCaprifoliaceae
GéineasValeriana
SpeiceasValeriana officinalis Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Luibh ilbhliantúil atá dúchasach don Eoraip is an Áise is ea caorthann corraigh.[1] A duilleoga cleiteach, le duilleoigíní fiaclacha; na bláthanna 5 mm ar trastomhas, bándearg, i mbachlóga dlútha cinn. An feadán coróinín le 5 liopa is mála ag a bhun. Na torthaí mar a bheadh le paraisiút de ribí clúmhacha. Bíonn duilleoga ubhchruthacha gan roinnt agus bláthanna sporacha dearga nó bána ag an gcaorthann dearg, atá gaolmhar is cosúil leis an gcaorthann corraigh.[2]

  1. “Valeriana officinalis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Caorthann corraigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 115.