Caor chon
Cuma
Viburnum opulus | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | drúp |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Dipsacales |
Fine | Viburnaceae |
Géineas | Viburnum |
Speiceas | Viburnum opulus L., 1753 |
Tom duillsilteach nó crann beag leata a fhásann 4 m ar airde is ea an chaor chon[1], nó an rós Ollannach[2] (Viburnum opulus). Tá sé dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise. 3-5 mhaothán neamhrialta fiaclach ar na duilleoga. Na bláthanna cúigpheitealach bán, i mbraisle 4-10 cm ar leithead, na bláthanna seachtracha seasc, i bhfad níos mó ná na bláthanna inmheánacha. Na torthaí cosúil le caora, dearg, go minic ar an gcrann fós tar éis do na duilleoga titim. Fuarthas foirm shóite de le bláthanna seasca amháin is iad i gcrobhaingí cruinneogacha den chéad uair i gcúige Gueldeland na hOllainne sa 14ú céad. Fástar go forleathan é mar mhaisiúchán, mar an gcrann liathróid sneachta.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Viburnum opulus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ "English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe) — "snowball"".
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Rós Ollannach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 567.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |