Jump to content

Caladónaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Grúpa DaonnaCaladónaigh
Cineáltreibh agus cónaidhm fhánaíochta
Pobail sa taobh ó thuaidh de Chúige Rómhánach Britannia, de réir an leabhair Geografaíocht, scríofa ag Tolamaes sa 2ú haois

Ba chónaidhm treibheanna iad na Caladónaigh (Laidin: CaledonesCaledonii; An tSean-Ghréigis Καληδῶνες, Kalēdōnes) a labhair an Bhriotainic in Albain an lae inniu le linn ré na hIarannaoise agus na Róimhe. D'eascair an t-ainm Caledonia as fhoirm na Gréigise d'ainm na treibhe. Measadh gur grúpa Briotanach iad na Caladónaigh,[1] ach ina dhiaidh sin, tar éis choncas na Róimhe i leath theas na Breataine, rinneadh idirdhealú ar áitritheoirí an tuaiscirt mar Chruithnigh, a cheaptar gur daoine gaolmhara iad a mbeadh ag labhairt na Briotainice freisin. Mar sin ba naimhde Impireacht na Róimhe iad na Briotanaigh Chaladónacha, a bhí mar fhórsa forghabhála ag riaradh an chuid is mó den Bhreatain Mhór mar an Chúige Rómhánach Britannia.

Tógálaithe dúnta cnoic agus feirmeoirí iad na Caladónaigh, cosúil le go leor treibheanna Ceilteacha sa Bhreatain, a chloígh na Rómhánaigh agus a bhí cloíte ag na Rómhánaigh arís agus arís eile. Níor ghabh na Rómhánaigh 'Caledonia' (Gaeilge: An Chaladóin) go hiomlán riamh, cé go ndearnadh roinnt iarrachtaí. Tá beagnach an t-eolas ar fad atá ar fáil faoi na Caladónaigh bunaithe ar fhoinsí Rómhánacha den chuid is mó, a d’fhéadfadh a bheith claonta.

Glacann Peter Salway leis gur treibheanna Cruithneacha a bheadh sna Caladónaigh ag labhairt teanga a bhfuil dlúthbhaint aici le Chomh-Bhriotainis nó craobh di [2] méadaithe ag trodaithe frithsheasmhachta Cruithneacha eile ag teitheadh ón Bhreatain (Laidin: Britannia) a bhí faoi fhorghabháil na Róimhe. Seans go raibh an treibh Chaladónach, a bhfuil an Chónaidhm Chaladónach stairiúil ainmnithe ina diaidh, i gcoimhlint leis an Róimh i bpáirt le treibheanna i dtuaisceart-lár na hAlban faoin am seo, mar shampla na Vacomagi, Taexali agus Venicones a thaifead Tolamaes. Tháinig na Rómhánaigh ar chomhréiteach le treibheanna Briotanacha ar nós na Votadini mar stáit eadránacha éifeachtacha.

Dar leis an teangeolaí Gearmánach Stefan Zimmer, díorthaítear an Chaladóin ón ainm treibhe Caledones (Laidin:CalēdonesCalīdones, ó * Kalēdon[i]oi níos luaithe), a shanasaíonn sé mar b'fhéidir possessing hard feet ("ag tagairt do dhiongbháilteach nó do sheasmhacht"), ó na fréamhacha Prótai-Cheilteacha * kal -'crua' agus * pēd -'cos ', le * pēd - ag crapadh go -ed-. Tá foirm uatha an ainm eitnigh dearbhaithe mar Caledo ar inscríbhinn Rómhánach-Bhriotanach ó Cholchester.[3]

  1. Encyclopaedia Romana. University of Chicago. accessed March 1, 2007
  2. Watson 1926; Jackson 1955; Koch 1983; Smyth 1984; Forsyth 1997; Price 2000; Forsyth 2006; Woolf 2007; Fraser 2009
  3. "Celtic Culture: A Historical Encyclopedia" (2006) 1: 332–333. ABC-CLIO.