Caisleán Cnucha
Caisleán Cnucha | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Contae riaracháin áitiúil | Fine Gall | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 63 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1411657 agus 835 |
Is bruachbhaile Éireannach é Caisleán Cnucha.[1] Castleknock a thugtar air i mBéarla.
Tá Caisleán Cnucha suite ocht gciliméadar ó Chathair Átha Cliath, idir an M50 agus Páirc an Fhionnuisce, agus cónaíonn timpeall 30,000 duine ann. In aice léi tá Baile Bhlainséir, baile mór a bhfuil Lárionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir ann. Tá Teach agus Eastáit Farmleigh lonnaithe idir í agus Páirc an Fhionnuisce.
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá neart áiseanna i gCaisleán Cnucha- mar shampla siopaí, oifig an phoist, dhá séipéil Caitliceach agus teampall Protastúnach agus stáisiún traenach san áireamh. Tá roinnt mhaith scoileanna ann- Scoil Náisiúnta Chaisleán Cnucha, scoil Castleknock Educate Together National School, Scoil Naomh Bhríde, Scoil Thomáis agus Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig ag an mbunleibhéal agus Coláiste Pobail Chaisleán Cnucha agus Coláiste Chaisleán Cnucha ag an dara leibhéal. Tá scoil dara leibhéal do chailíní Mount Sackville lonnaithe gar do Chaisleán Cnucha agus téann líon mór cailíní ó Chaisleán Cnucha chuig an scoil freisin.
Is í Naomh Bríd éarlamh cheantair Sráidbhaile Chaisleán Cnucha. Baineann club CLG áitiúil Naomh Bríd CLG úsáid as an ainm céanna. Tá club CLG mhór eile CLG Chaisleán Cnucha lonnaithe i gCaisleán Cnucha agus tá club sacair Castleknock Celtic lonnaithe ann freisin. Tá Óstán agus Galfchúrsa Chaisleán Cnucha lonnaithe ann freisin. Tá Grúpa Gasóga Chaisleán Cnucha lonnaithe i gceantar Lóiste an Labhrais/Baile an Chairpintéaraigh.
Freastalaíonn busanna Bus Átha Cliath an 37 agus 38 ar an gceantar.
Rialú agus ionadaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Caisleán Cnucha mar chuid de "Toghlimistéar Áitiúil Chaisleán Cnucha" i gComhairle Contae Fhine Gall. Is iad na comhairleoirí don gceantar idir 2024-2029 ná: Siobhán Shovlin (Fine Gael), Eimear Carbone-Mangan (Fianna Fáil), Ted Leddy (Fine Gael), John Walsh (Páirtí an Lucht Oibre), Ellen Troy (Aontú) agus Ruth Coppinger (Dlúthpháirtíocht).
Tá Caisleán Cnucha suite i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar le haghaidh toghcháin do Dháil Éireann agus i toghcheantar Bhaile Átha Cliath le haghaidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa san AE.
Daoine aitheanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leo Varadkar Iar-Thaoiseach; Iar-Thánaiste, Iar-Aire agus Iar-Teachta Dála d'Fhine Gael
- Brian Pádraig Ó Luineacháin Iar-Teachta Dála, Iar-Aire agus Iar-Thánaiste d'Fhianna Fáil
- Brian Óg Ó Luineacháin, Iar-Teachta Dála agus Iar-Aire d'Fhianna Fáil
- Jack Chambers Teacha Dála d'Fhianna Fáil
- Frances Fitzgerald Iar-Feisire Eorpach agus iar-Teachta Dála d'Fhine Gael d'Bhaile Átha Cliath Lár-Iarthar, Iar-Aire agus Iar-Thánaiste.
- Colin Farrell, Aisteoir
- Alan Brogan, Iariimreoir peil CLG Bhaile Átha Cliath
- Bernard Brogan, Iar-mreoir peil CLG Bhaile Átha Cliath
- Ciarán Mac Giolla Chainnigh, Imreoir peil CLG Bhaile Átha Cliath
- Eamonn Coghlan, Lúthchleasaí agus Iar-Sheanadóir d'Fhine Gael
- Amanda Byram, Láithreoir teilifíse
- James McGee Imreoir leadóige
- Glenda Gilson Iar-maincín agus láithreoir teilifíse
- Michelle Rocca, Iar-Miss Ireland
- Aoife Cogan, Iar-Miss Ireland
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Lóiste an Labhrais
- Baile an Chairpintéaraigh
- Stáisiún Chaisleán Cnucha
- Logainm na háite https://www.logainm.ie/ga/s?txt=caisleán cnucha&str=on
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Caisleán Cnucha/Castleknock | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
=