Belgae
Cineál | grúpa eitneach stairiúil |
---|---|
Ball de | Gallaigh agus Germanic peoples (en) |
Tíreolaíocht | |
Ó dhúchas | Marne agus Seine |
Stáit | An Ghaill |
Léarscáil dáileacháin | |
Cónaidhm mór de treibheanna Gallacha agus Gearmánacha iad na Belgae[1] a bhíodh ina gcónaí i dtuaisceart na Gaille, idir an Muir nIocht, bhruach thiar na Réine, agus bruach thuaidh na Séine, ón 3ú haois RC ar a laghad amach. Phléigh Julius Caesar go domhan iad in De Bello Gallico, a chur síos mór le rá faoin a chathanna sa Ghaill. Bhí an t-ainm céanna ar roinnt dreamanna sa Bhreatain, agus de réir Uí Raghailligh, b'ionann iad agus na Fir Bholg i seanscéalaíocht na hÉirinn. Ainmníodh an cúige Rómhánach Gallia Belgica astu agus, sar i bhfad, an tír nua aimsire, an Bheilg.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Measann teangeolaithe an lae inniu go bhfuil an t-ainm eitneach Belgae fréamhaithe ón bPrótai-Ceiltis *belg- nó *bolg-, le brí "líon" nó "borr" (go háirithe le fearg/riastradh/srl.)", gaolmhar leis an aidiacht Ollannais gebelgd, "bheith an-fhearg" agus verbolgen, "bheith fearg", agus an briathar Sean-Bhéarla belgan, "bheith fearg" (ón bPrótai-Ghearmáinis *balgiz), fréamhaithe sa deireadh ón bPrótai-Ind-Eorpais *bhelgh- ("borr, boilscigh, bolg"). D'fhéadfadh mar sin ainm eitneach Prótai-Ceiltis *Bolgoi a mhíniú mar "An Cine a Bholgann (go háirithe le fearg/riastradh)".[2][3][4][5][6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Republican Roman Army: A Sourcebook".
- ↑ Zeitschrift für celtische Philologie (ZcP). Imleabhar 44, Eagrán 1, ll. 67–69, ISSN (ar líne) 1865-889X, ISSN (cló) 0084-5302, //1991
- ↑ Koch, John. Celtic Culture: a historical encyclopedia, ABC-CLIO 2006, lch. 198.
- ↑ Pokorny, Julius. Indogermanisches Etymologisches Wörterbuch, (1959), Bern - Muenchen - Francke, ll. 125-126.
- ↑ Maier, Bernhard. Dictionary of Celtic religion and culture, Boydell & Brewer, 1997, lch. 272.
- ↑ Pokorny, Julius, "The pre-Celtic inhabitants of Ireland", Celtic, DIAS, 1960 (athchló 1983), lch. 231.
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |