Jump to content

Bórás

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de mineralBórás

Siombail cheimiceachNa₂B₄O₇·10H₂O
Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna
Criostalchórascóras criostail aonchlaonasach
Mais mhólarach201.9811625 Da
Dlús2.37
Pointe leáite1,366
Tuaslagthacht4

Na2B4O7.10 H2O, salann hiodráitithe aigéid bhóraigh, is ea bórás. Cruthaíonn bórás salainn dhothuaslagtha leis na hiain Ca2 is Mg2 , agus mar sin tá sé an-áisiúil mar bhogthóir is glantóir uisce>. Is foinse thábhachtach bóróin é i bhfoirm níos lú hiodráitithe (le 4 H2O), agus comhábhar bunúsach i ngloine bóraisiliceacáit (Pyrex). Baintear úsáid as mar fhlosc i gcursaí mianadóireachta agus d'fhéadfadh sé a bheith ina mhórfhoinse le haghaidh aigéid bhóraigh[1].

Bórás
  • Go hiondúil is ina bpriosrmaí rmóra gearra dea-fhorbartha a bhíonn na criostail, atá neamhdhaite, bán, scothbhuí nó scothghorm. Tá an bórás le fáil freisin faoi fhoirm chomhdhlúth chréúil, nó screamhach.
  • Cailleann na criostail uisce go réidh agus éiríonn siad bán.
  • Trédhearcach go tréshoilseach. Loinnir ghloiní. Bog, éadrom. Tuaslagann bórás in uisce; bíonn blas scothmhilis air.
  • An scoilteacht foirfe i dtreo amháin, maith sa treo eile. Briosc. Briseadh concóideach.

Suíomhanna geografacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Loch Borax, California

Tá an bórás le fáil i lochanna sáile agus i loig shalainn i réigiúin fásaigh de thairbhe galú. Tá an bórás le fáil de ghnáth in éineacht le hailít. Faightear criostail bóráis suas le 150mm (6") trasna sa láib ag Loch Borax agus i nGleann an Bháis, (California). Baintear bórás ar bhun tráchtála ag Loch Searles (CalIfornia). Tá an bórás tearc san Eoraip taobh amuigh den Tuscáin (an Iodáil).[2]


  1. Carraigeacha & Mianraí – Eolaí Póca, An Gúm ISBN 1857911369
  2. Hussey, Matt (2011). "Bórás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 84.