Jump to content

Ard Aidhin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilArd Aidhin

Suíomh
Map
 53° 22′ 58″ N, 6° 11′ 42″ O / 53.38274°N,6.195002°W / 53.38274; -6.195002
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
Cathair mhórBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla3.86 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1411655

Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Ard Aidhin[1] (ArtaneArtaine as Béarla).

Bhí caisleán ann ag muintir Hollywood, tráth. I 1534 chuir leantóirí Silken Thomas ardeaspag Bhaile Átha Cliath, John Allen, chun báis taobh amuigh den chaisleán. Leagadh é seo chun scoil thionsclaíoch a thógáil i 1870, faoi stiúradh na mBráithre Críostaí; Scoil Naomh Dáithí atá ann anois. Bunaíodh Banna Ceoil Bhuachaillí Ard Aidhin i 1872 agus tá an-aithne orthu mar gheall ar a dtaispeántais i bPáirc an Chrócaigh le linn cluichí tábhachtacha.

Tharla tubaiste ollmhór ann i bhFeabhra 1981, nuair a dódh club oíche Stardust agus fuair 48 duine bás.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]