Angóla
Angóla | |||||
---|---|---|---|---|---|
República de Angola (pt) Angola (pt) | |||||
|
|||||
Aintiún | Angola Avante | ||||
Mana | «Virtus Unita Fortior» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Luanda | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 32,866,270 (2020) | ||||
• Dlús | 26.36 hab./km² | ||||
Déamainm | Angólach | ||||
Teanga oifigiúil | an Phortaingéilis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Lár na hAfraice Portuguese-speaking African countries (en) Deisceart na hAfraice | ||||
Achar dromchla | 1,246,700 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Mount Moco (en) (2,619 m) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Daon-Phoblacht Angóla | ||||
Cruthú | 11 Samhain 1975 25 Lúnasa 1992 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht agus córas uachtaránachta | ||||
Comhlacht reachtach | National Assembly of Angola (en) | ||||
• Uachtarán Angóla | João Lourenço (2017–) | ||||
• Uachtarán Angóla | João Lourenço (2017–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 65,685,435,100 $ (2021) | ||||
Airgeadra | kwanza Angóla | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ao | ||||
Glaochód | 244 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 113, 115 agus 116 | ||||
Cód tíre | AO | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | governo.gov.ao |
Is tír san Afraic í Angóla, nó Poblacht Angóla, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, nó República de Angola as Portaingéilis. Tá sí ag críochantacht leis an tSaimbia thoir, an Namaib theas, agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó thuaidh, ach tá eachtarchríoch bheag, Cabinda, suite idir an dá Chongó (Poblacht an Chongó agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó). Is é an tAigéan Atlantach an teorainn thiar. Is í Luanda an phríomhchathair, agus cúig mhilliún duine ina gcónaí ansin - aon cheathrú cuid de mhuintir na tíre go léir, beagnach. Cathracha tábhachtacha eile iad Benguela, Sumbe, Lubango agus Namibe, mar shampla.
Is í an Phortaingéilis an teanga oifigiúil náisiúnta, agus í á labhairt go forleathan mar theanga dhúchais in Angóla, fiú ag na bundúchasaigh. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag 80 % de mhuintir na tíre. Is í an teanga Kimbundu an ceann is tábhachtaí de na teangacha bundúchasacha, agus is teanga Bhantúch í, cosúil leis an Svahaílis.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig na Portaingéalaigh go hAngóla an chéad uair faoi dheireadh na cúigiú haoise déag. San am sin, bhí na ríochtaí beaga úd Ndongo agus Lunda anseo - ríochtaí a bhí faoi fhorlámhas an Chongó. Shocraigh na Portaingéalaigh conradh faoi chaidreamh taidhleoireachta leis an gCongó sa bhliain 1483, agus rinne siad lárionad tábhachtach tráchtála den cheantar seo. Sa bhliain 1575, bhunaigh an taiscéalaí Portaingéalach Paulo Dias de Novais cathair Luanda, nó São Paulo de Loanda, Naomh Pól ó Loanda, mar a bhaist sé ar an áit. Chuaigh céad comhluadar de choilínithe a chónaí i Luanda ar dtús, agus fuair siad ceithre céad saighdiúir mar gharda cosanta.
Áit thábhachtach eile a bhí i mBenguela. Bunaíodh mar dhún is mar bhunáit mhíleata í ar dtús, thiar sa bhliain 1587, agus hiompaíodh ina cathair í sa bhliain 1617.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is iarchoilíneacht Phortaingéalach í a fuair a neamhspleáchas sa bhliain 1975. Díreach ina dhiaidh sin thosaigh cogadh sa tír idir trí grúpaí - UNITA (União Nacional para a Independência Total de Angola), an MPLA (Movimento Popular para a Libertação de Angola) agus an FNLA (Frente Nacional para Libertação de Angola). D'fhág na Portaingéalaigh an tír go tapaidh gan rialtais eile a chuir i bhfeidhm agus d'éirigh leis an MPLA rialtais a chruthú sa phríomhchathair díreach ina dhiaidh sin. D'fhéach an FNLA agus an UNITA ruaigeadh a chur ar an MPLA ach níor éirigh leo. Don chéad dul síos d'ionsaigh an FNLA an tír ón tSáír (anois Poblacht Dhaonlathach an Chongó) le cabhair ó na Meiriceánaigh agus ó Mhobutu Sese Seko, deachtóir na Sáíre. Cuireadh scaipeadh ar fhórsaí an FNLA le cabhair saighdiuirí Cúbacha; chuir na Cúbaigh ruaigeadh ar an UNITA agus ar na fórsaí ón Afraic Theas a bhí ag máirseáil aneas i dtreo na príomhchathrach díreach ina dhiaidh sin. Ba é sin deireadh an FNLA mar grúpa armtha, ach lean an UNITA leo ag troid go dtí an bhliain 2002 nuair a maraíodh ceannaire UNITA, Jonas Savimbi, i gceanntair Moxico in oirthear na tíre.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá teorainneacha aici leis an Namaib, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an tSaimbia, Poblacht an Chongó agus cósta an Aigéin Atlantaigh. Is í an Cúige Cabinda a bhfuil in aice Poblacht an Chongó, nó Congó-Brassabhíl, mar a ghlaotar air sa réigiún de ghnáth.
Is é ceantar an Plan-Alto an ceantar is airde sa tír; téann aibhneacha ón Plan-Alto i dtrí threo - ó thuaidh isteach in abhainn An Chongó, siar díreach go dtí cósta Angóla féin, agus soir, mar shampla an Luena a théann isteach in Abhainn an Sambesí.
Eacnamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é ola foinse airgead rialtais an MPLA le rith an cogadh in Angóla agus tá sé fíor tábhachtach do cúrsaí eacnamaíochta an tír fós. Tá formhór ola na tíre suite faoin farraige in aice le cósta an tír go h-airithe in aice le Cabinda. De bharr feabhsaí teicneolaíochta is féidir ola a ghabháil níos faide don cósta i bhfarraige domhain ná riamh agus dá bharr sin tá ionadaí ola na tíre ag fás go fóill. Tagainn tuairim is 8 go 10% do iomportaí ola Meiriceá ó Angóla, is tá na comhlachtaí mór ollaigh go léir ag obair ann. Thosaigh an tSín ag baint ola amach don tír i mbliana freisin. Chuaigh Angóla isteach i OPEC i mbliana, an céad tír a chuaigh isteach inti ó na seachtóidí anuas.
Chomh maith le ola, tá foinse eile ssaibreas sa tír. Úsáid UNITA airgead ó diamantaí a dhíol - diamantaí fuil mar a ghlaotar orthu chun airgead a bhaint amach i gcomhair a cogadh agus tá diamataí ann fós. Lasmuigh do sin, tá talún maith sa tír agus is féidir bia, cadás agus tobac a fás ann.
Cúrsaí Slándála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go bhfuil an saibhreas seo go léir i láimh ceannairí na tíre, tá Angóla fós ceann do tíre ba mheasa sa domhain chun bheith ina páiste ann. Faigheann páiste amháin i cúig bás roimh cúig bliain d'aois. Níl an rialtais ag déeanamh go leor chun a daoine féin a chabhrú leis an saibhreas atá sa tír
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Global Witness (1999). A Crude Awakening, The Role of Oil and Banking Industries in Angola's Civil War and the Plundering of State Assets. London, UK, Global Witness. http://www.globalwitness.org/media_library_detail.php/93/en/a_crude_awakening
- Hodges, T. (2004). Angola: The Anatomy of an Oil State. Oxford, UK and Indianapolis, US, The Fridtjol Nansen Institute & The International African Institute in association with James Currey and Indiana University Press.
- Human Rights Watch (2004). Some Transparency, No Accountability: The Use of Oil Revenues in Angola and Its Impact on Human Rights. New York, Human Rights Watch. http://www.hrw.org/reports/2004/angola0104/
- Human Rights Watch (2005). Coming Home, Return and Reintegration in Angola. New York, Human Rights Watch. http://hrw.org/reports/2005/angola0305/
- Jackie Cilliers and Christian Dietrich, Eds. (2000). Angola's War Economy: The Role of Oil and Diamonds. Pretoria, South Africa, Institute for Security Studies.
- Kevlihan, R. (2003). "Sanctions and humanitarian concerns: Ireland and Angola, 2001-2." Irish Studies in International Affairs 14: 95-106.
- Lari, A. (2004). Returning home to a normal life? The plight of displaced Angolans. Pretoria, South Africa, Institute for Security Studies. http://www.iss.co.za/pubs/papers/85/Paper85.pdf Curtha i gcartlann 2012-03-05 ar an Wayback Machine
- Lari, A. and R. Kevlihan (2004). "International Human Rights Protection in Situations of Conflict and Post-Conflict, A Case Study of Angola." African Security Review 13(4): 29-41. Téigh go dtí http://www.iss.co.za/pubs/ASR/13No4/FLari.pdf Curtha i gcartlann 2012-03-05 ar an Wayback Machine chun an alt seo a léamh.
- Le Billon, P. (2001). "Angola’s Political Economy of War: The Role of Oil and Diamonds." African Affairs(100): 55-80.
- Le Billon, P. (2005). "Aid in the Midst of Plenty: Oil Wealth, Misery and Advocacy in Angola." Disasters 29(1): 1-25.
- Médecins Sans Frontières (2002). Angola: Sacrifice of a People. Luanda, Angola, MSF. http://www.doctorswithoutborders.org/publications/reports/2002/angola1_10-2002.pdf Curtha i gcartlann 2013-07-23 ar an Wayback Machine
- Pearce, J. (2004). "War, Peace and Diamonds in Angola: Popular perceptions of the diamond industry in the Lundas." 2005.African Security Review 13 (2), 2004, pp 51-64. http://www.iss.co.za/pubs/ASR/13No2/AW.pdf Curtha i gcartlann 2012-03-05 ar an Wayback Machine
- Porto, J. G. (2003). Cabinda: Notes on a soon to be forgotten war. Pretoria, South Africa, Institute for Security Studies. http://www.iss.co.za/pubs/papers/77/Paper77.html Curtha i gcartlann 2010-08-21 ar an Wayback Machine
- Tvedten, I. (1997). Angola, Struggle for Peace and Reconstruction. Boulder, Colorado, Westview Press.
- Vines, A. (1999). Angola Unravels: The Rise and Fall of the Lusaka Peace Process. New York and London, UK, Human Rights Watch.