Anagaire
Anagaire | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 223 (2006) | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 70 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1414058 |
Sráidbhaile is ea Anagaire i gContae Dhún na nGall, Éire.[1] Tá Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill, ach níl sé chomh láidir leis na ceantair máguaird, ar nós Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair. Bhí cónaí ar 236 duine in Anagaire sa bhliain 2016.[2]
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann an t-ainm 'Anagaire' ó ‘Áth na gCoire'[3].
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó taobh imirce, tá stair fhada ag Anagaire cosúil le an gcuid eile de Dhún na nGall. Sna 1950idí, d'fhág líon mór de mhuintir na háite an ceantar chun oibriú i dtíortha eile.
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Anagaire suite sa réigiún Gaeltachta agus ciallaíonn seo gurb é Gaeilge teanga oifigiúil an cheantair. É sin ráite, tá an teanga ag meath ó na 1950idí mar thoradh ar imirce. In ainneoin seo, tá coláiste gaeltachta suite sa cheantar agus bíonn cúrsaí samhraidh do mhic léinn a labhraíonn Béarla chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ar siúl . ‘Coláiste Na Rosann’ an t-ainm atá ar an Chólaiste Gaeltachta. Tá an comharthaíocht sa cheantar ar fad i nGaeilge.
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceol traidisiúnta na hÉireann go forleathan i gceantar Anagaire, agus é le cluinstin go minic sna hóstáin agus sna tí tábhairne atá sa cheantar agus timpeall an cheantair. Tá banna ceoil áitiúla ann agus bíonn siad amuigh ag seinm ar laethanta speisialta cosúil le Lá Fhéile Pádraig agus Dhomhnach Cásca. Tagann na grúpaí cáiliúla Clannad, Altan agus an ceoltóir Enya ó thimpeall an cheantair seo.
Creideamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ceantar Caitliceach den chuid is mó é Anagaire. Tá an séipéal paróiste suite i lár an cheantair agus tagann muintir ó Anagaire, Loch an Iúir agus Rann na Feirste go dtí an séipéal don aifreann.
Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Scoil Naomh Dúigh an bunscoil áitiúil sa cheantar. D’oscail an scoil sa bhliain 1974 agus scoil Chaitliceach measctha í. Sa bhliain 2017/2018 bhí céad dalta ann, caoga buachaillí agus caoga cailíní. Is iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair[4] agus Pobalscoil Na Rosann[5] na meánscoileanna áitiúla don cheantar. Is meánscoil lán-Ghaeilge í Pobalscoil Ghaoth Dobhair i gceantar Gaeltachta Gaoth Dobhair Contae Dún na nGall, Éire. Is scoil mheasctha í agus tá thart ar cheithre chéad mac léinn ag freastal air. Is meánscoil lán-Bhéarla í Pobalscoil Na Rosann i gceantar An Clochán Liath, Contae Dhún na nGall, Éire. Is scoil mheasctha í agus tá thart ar cheithre chéad nócha mac léinn ag freastal air.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é CLG Naomh Mhuire an fhoireann áitiúil peil ghaelach. Bíonn muintir ó Anagaire, Mullach Dubh, Cionn Caslach, Loch an Iúir agus Rann na Feirste le chéile ag imirt leis an gclub seo amháin. Bunaíodh an club i 1980 agus tá sé fós ann. Tá foireann bhuachaillí agus cailíní ag an gclub ó na haoisghrúpaí d'ocht mbliana d'aois suas go dtí na foirne sinsearacha. Tá tóir ar sacar sa cheantar chomh maith agus bíonn muintir na háite ina mbaill de foireann Keadue Rovers’. Chomh maith leis an peil gaelach agus sacar tá club lúthchleas Gael sa cheantar darbh ainm ‘Rosses Athletic Club’.
Córas Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Anagaire suite míle ón Aerfort Dhún na nGall agus bíonn eitiltí laethúla go dtí Baile Átha Cliath nach maireann ach daichead nóiméad agus ceathair a seachtain go dtí Glaschú nach maireann ach uair a chloig. Bhuaigh an t-aerfort duais don rúidbhealach is fearr ar son na radharcanna aláinn atá le feiceáil ann nuair atá tú ag eitilt. Tá seirbhísí bus ar siúl sa cheantar freisin. Bíonn seirbhísí ó Anagaire go dtí Sligeach agus Gaillimh ar siúl ag Bus Feda agus seirbhísí go dtí Baile Átha Cliath agus Glaschú ag John McGinley.
Tionscal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is comhlacht Gaeltachta é Tionscail GPE Teoranta, lonnaithe in Anagaire i nGaeltacht Dhún na nGall, le formhór na bhfostaithe ón cheantar mór-thimpeall. Mornacha gloine shnáithíneach atá le linn an comhlacht seo i Anagaire.
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is baile beag é Anagaire ach é sin ráite tá a neart áiseanna le fáil ann. Tá dhá Óstán ann ‘Caisleán Óir’ agus ‘Danny Minnies’ atá suite croílár Ghaeltacht Dhún na nGall ar Slí an Atlantaigh Fhiáin.Tá fiche seomraí mór i gCaisleán Óir agus freastal ar gach bia le roghchlár leathan bia agus dí. Bíonn ceol traidisiúnta ar siúl gach Satharn chomh maith leis a lán ceoltóirí áitiúla. Bíonn a lán imeachtaí ar siúl i gCaisleán Óir mar shampla bainise agus cóisir. Tá dhá teach tábhairne sa bhaile beag ‘Sharkey’s’ agus ‘Duffy’s’ agus tá siad ar siúl ag teaghlach. Tá bialann Síneach, café, cógaslann, cúpla siopa gruagaire agus ollmharagadh darbh ainm ‘The Cope’ ann. Is ea ‘The Cope’ nó Comharchumann Talmhaíochta agus Sóisialta Theampall Cróine’ slabhra comhoibriú miondíola suite i ‘The Rosses’ i Dhún na nGall. Bunaíodh é i 1906, agus tá roinnt ollmhargaí ag an comhlacht seo sa cheantar agus timpeall ón cheantair.
Turasóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is é an trá i Charraig Fhinne an rud is mó san ait a meallann turasóirí. Is trá ghainmheach é trá Charraig Fhinn le córas maith dune. Tá bhratach gorm ag an trá agus bíonn gardaí tarrthála ag obair fríd an samhradh ó mí Bealtaine go Méan Fomhair. Is minic a bíonn tonnta mór ann agus téann daoine ag surfáil agus ag canúáil ar an trá. Sráidbhaile beag gleoite atá Anagaire, go háirithe mar gheall ar an trá. Tá An Earagail an sliabh is mó i Dhún na nGall agus tá sé suite in aice leis Angaire. Tagann a lán turasóirí go Anagaire chun An Earagail agus na tránna a fheiceáil.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Beathaisnéisí mhuintir Anagaire ar ainm.ie
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Anagaire/Annagary | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-10-30.
- ↑ "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonraó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, BliainDaonáirimh agus Staitistic - StatBank - sonraí agus staitisticí". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
- ↑ "Anagaire/Annagary" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2018-12-04T19:14:55Z.
- ↑ "Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Donegal on SchoolDays.ie". www.schooldays.ie. Dáta rochtana: 2018-12-04T19:17:52Z.
- ↑ "Rosses Community School > Home". www.rossescommunityschool.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-31. Dáta rochtana: 2018-12-04T19:18:48Z.