An Chorr
Ainm Laidine (IAU) | Grus |
---|---|
Nod | Gru |
Ginideach Laidine | Gruis |
Siombalaíocht | an Chorr |
Dronairde | 22 h |
Diallas | −47° |
Achar | 366 céim cearnach Céim 45ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 2 |
Réalta is gile | Al Na'ir (α Gru) (méid 1.73) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir 34° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Deireadh Fómhair an infheictheacht is fearr |
Réaltbhuíon dheisceartach is ea an Chorr, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria í sa bhliain 1603. I Sasana le tamaillín sa 17ú haois bhí Phoenicopterus (.i. "lasairéan" as Laidin) mar ainm eile ar an réaltbhuíon seo. Grus, a chiallaíonn "corr", an t-ainm Laidine a thugtar ar an gCorr sa lá atá inniu ann.
Príomhghnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- μ Gru: réalta dhúbailte optúil
Réada suntasacha domhainspéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad an bheirt mhairnéalach Ollannacha Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman a chruthaigh réaltbhuíon na Coirre idir na blianta 1595 agus 1597. Ar an 2 Aibreán 1595 chuir ceithre long chun na farraige ó Texel san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge Hollandia sa loingeas.
Roimhe sin, áfach, rinne an ministir Pléimeannach Petrus Plancius teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir, ach bhí sé ina réalteolaí agus a chartagrafaí chomh maith. Sa bhliain 1589 rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.
Fuair Keyser bás sa bhliain 1596, ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain 1597 tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an léarscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain 1592 rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. an Colm). Sa bhliain 1603 tháinig na réaltbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas Uranometria de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh Johann Bayer.
Sa lá atá inniu ann, glacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Chorr san áireamh. Is é an t-ainm Ollainnise a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná De Reygher, a chiallaíonn an Chorr Éisc, ach d'aistrigh Plancius go Laidin é mar Grus, a chiallaíonn an Chorr Mhóna.
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ós rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í an Chorr, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht léi.
Réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach fosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- an Chorr ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-11-18 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Chorr agus Miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-10-09 ar an Wayback Machine
- an Chorr ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Chorr Curtha i gcartlann 2006-10-09 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Chorr
- an Lasairéan Curtha i gcartlann 2007-08-06 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réalthbhuíonta a d'athraigh an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer sa bhliain 1603 ar a léarscáil neamhaí Uranometria |
an Ceinteár | roinnte mar seo: | an Ceinteár | an Chros |
Iasc an Deiscirt | roinnte mar seo: | Iasc an Deiscirt | an Chorr |
an Leon | roinnte mar seo: | an Leon | Folt Bheirnicé |
an Saighdeoir | roinnte mar seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt |
An 12 réaltbhuíon a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir 1595 agus 1597 agus a thug isteach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603 |
an Caimileon | an Colgán | an Chorr | an Chuileog | Éan Parthais | an Féinics | an tIasc Eitilte | an tIndiach | | an Phéacóg | an Phéist Bheag | Triantán an Deiscirt | an Túcán |