Aithint carachtar
Cuma
Is éard atá i gceist le hAithint carachtar nó Aithint Optúil Carachtar ná téacs clóscríofa, lámhscríofa nó clóite a thiontú go leictreonach nó go meicniúil ina théacs meaisín-ionchódaithe.
Is teicneolaíocht atá ann a bhaineann le cumas córas ríomhairí patrúin ar leith a aithint. Uaireanta, tugtar aithint patrún uirthi. Nuair is é an cumas carachtair chlóbhuailte a léamh ó ghnáthábhair chlóbhuailte é, tugtar aithint optúil carachtar (OCR) uirthi. Teicneolaíocht eile atá an-choitianta is ea aithint carachtar dúigh mhaighnéadaigh (MICR) a úsáidtear ar fud an Domhain chun sonraí cosúil le huimhreacha cuntas bainc is sraithuimhreacha ar sheiceanna a léamh go huathoibríoch.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aithint carachtar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 29.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |