Abèidh
Abèidh | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
Limistéar comhairle in Albain | Contae Obar Deathain | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 2,910 (2016) | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 01339 | |||
Is sráidbhaile é Abèidh (Albainis:Abyne, Béarla: Aboyne) ar imeall na Gaeltachta i gComhairle Shiorrachd Obar Dheathain, Albain,[1] ar bhruach na habhann Uisge Dhè, timpeall 42 km siar ó Obar Dheathain. Tá linn snámha ag Aboyne Academy, cúirteanna leadóige uile-aimsire, faiche bhollaí agus is ann atá an cúrsa gailf 18 bpoll is sine ar an Royal Deeside. Tá Aboyne Castle agus Loch of Aboyne in aice láimhe.[2].
Tá go leor gnólachtaí in Abèidh, lena n-áirítear ollmhargadh (Co-op),banc amháin, roinnt gruagairí, búistéirí, siopa nuachtán, bialann Indiach agus oifig an phoist. Ar dtús, bhí stáisiún traenach sa sráidbhaile, ach dúnadh é an 18 Meitheamh 1966. Tá roinnt siopaí sa stáisiún anois agus tá club arm tine sa tollán a ritheann faoin sráidbhaile anois. Fèill Mhìcheil a thugtaí ar lá an mhargaidh in Abèidh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ainmean-Àite na h-Alba". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-12. Dáta rochtana: 2022-08-04.
- ↑ Chithear 'Aboyne' sa Ghàidhlig cuideachd air Stòrlann Nàiseanta na h-Alba. 2007. Mapa-balla Alba: Liosta de dh'ainmean-àite. Pdf aig Foghlam Alba Curtha i gcartlann 2011-03-08 ar an Wayback Machine