EOECNA
Is gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a bunaíodh sa bhliain 1945 é Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA).[1][2]
Bunaíodh é faoi Chairt na Náisiún Aontaithe le haghaidh comhoibriú idirnáisiúnta i réimsí oideachasúla, eolaíochta, agus cultúrtha a chur chun cinn.
Tá 193 ballstát agus 6 ball comhlacha ag UNESCO sa bhliain 2020.[3] D'éirigh SAM as sa bhliain 1984.[4]
Suíomhanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá oifigí ag UNESCO i go leor suíomhanna timpeall an domhain. Tá a ceanncheathrú lonnaithe i bPáras na Fraince.
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO i 1992 le haitheantas a thabhairt d’oidhreacht dhoiciméadach a measann saineolaithe a bheith de “shuntas den scoth” do chultúr an domhain.[5] Bhunaigh UNESCO clár Cuimhne an Domhain i 1992 chomh maith chun caomhnú a dhéanamh ar ábhar luachmhar oidhreachta a bhí i mbaol de bharr na cogaíochta agus an tsuaite sóisialta nó de bharr easpa acmhainní.[6]
2011ˑ Cuireadh an Leabhar Cheanannais le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO.
2018ː Cuireadh Cnuasach Bhéaloideas Éireann le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO.[7] Tá an cnuasach béaloidis le háireamh ar chlár UNESCO mar gheall ar a “thábhacht dhomhanda” agus “an luach domhanda thar na bearta don chultúr”.
Sa bhliain 2017, bhí stádas UNESCO á lorg don Ghàidhlig, do chultúr Gaelach na hAlban agus do na h-Eileanan Siar. Ach ní bhfuair siad é (fós).
Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Nollag 2015 dhaingnigh Éire Coinbhinsiún 2003 UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe.[8] Tagraíonn oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe ‘do na cleachtais, léirithe, nathanna, eolas, scileanna - chomh maith leis na hionstraimí, réada, déantáin agus spásanna cultúrtha lena gcois - a aithníonn pobail, grúpaí agus, i roinnt cásanna, daoine aonair mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha.
Ghlac UNESCO le cluiche na hiománaíochta,[9] píobaireacht uilleann agus cláirseoireacht na hÉireann, mar chuid d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- UNESCO.org Líonláithreán oifigiúil UNESCO
- whc.unesco.org Líonláithreán oifigiúil Oidhreacht an Domhain le liosta iomlán agus bunachair shonraí fairsinge
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ United Nations Educational, Scientific and Cultural Organisation
- ↑ ““EOECNA” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-29.
- ↑ unesco.org (2020). "Countries" (en). UNESCO. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "About the U.S. and UNESCO". 2009-2017.state.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-02. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "An tAire Stáit McHugh - Stádas mór le rá UNESCO bronnta ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD | An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta" (en). Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "Cnuasach Bhéaloideas Éireann á chur le Clár Chuimhne an Domhain UNESCO" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ Daithí De Mórdha (2018). "‘Leanbh tabhartha’ Bill Gates agus Peig Sayers agus ‘The State Papers of a Forgotten and Neglected People’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe | An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta" (en). Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "Aitheantas cultúrtha idirnáisiúnta bronnta ag UNESCO ar chluiche na hiománaíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-16.