Jo Cox
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Helen Joanne Cox |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Helen Joanne Leadbeater 22 Meitheamh 1974 Batley, England |
Bás | 16 Meitheamh 2016 41 bliana d'aois Otharlann Ghinearálta Leeds, England |
Siocair bháis | Dúnbhású (Sádh) |
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
7 Bealtaine 2015 – 16 Meitheamh 2016 (bás in oifig) Téarma parlaiminte: 56ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Batley agus Spen Toghadh i: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Pembroke, Cambridge (–1995) London School of Economics Heckmondwike Grammar School (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Polaitíocht |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Brendan Cox (–2016), bás |
Siblín | Kim Leadbeater |
Croineolaíocht | |
16 Meitheamh 2016 | murder of Jo Cox (en) |
Suíomh gréasáin | jocox.org.uk |
Ba Fheisire Parlaiminte í Jo Cox de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, a rugadh ar 22 Meitheamh 1974 . Feallmharaíodh í ina toghcheantar féin, i mBirstall, Yorkshire Thiar, tamall gearr roimh an reifreann ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.[1]
Bhéic an t-ionsaitheoir,Thomas Mair, na focla "Túsáite don Bhreatain" nó 'Britain First' agus é á hionsaí. Chaith sé trí philéar leis an bhfeisire óg sular sháigh sé cúig uaire déag í. Maraíodh í taobh amuigh den leabharlann ina raibh sí ag casadh le muintir an toghcheantair tráthnóna.
Ní raibh de chúis ag Mair an mháthair óg a ionsaí go fíochmhar le gunna agus scian ach gur theastaigh uaidh go bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach agus go raibh an reifreann sin ar siúl ag an am.[2] Bhí caint ainmheasartha san aer ag an am ag brú miotas na ríochta uilechumhachtaí agus bhí tionchar aige sin ar mheon an dúnmharfóra gan dabht.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Cox i dtoghchán na bliana 2015.[3] D’fhreastail sí ar Ollscoil Cambridge agus bhíodh sí ina comhairleoir ag Sarah Brown, deirfiúr an iarPhríomh-Aire Gordon Brown, agus an Banbharún Kinnock sular toghadh ina feisire í.
Bhí an feisire Cox ar dhuine den bheagán a labhair amach go hoscailte, bríomhar faoi na buntáistí a bhain an Bhreatain as inimirce.[4]
Chaith Cox a saol i mbun seirbhíse & feachtais ar son daoine eile sa bhaile agus i gcéin. Polaiteoir óg, ar sheol na braiche, máthair beirt chlainne, ba ea Cox. Bean 41 bhliain a bhí í Jo Cox a bhí pósta le Brendan Cox.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ RTÉ (2016-06-16). "Stocaireacht an Taoisigh sa Bhreatain ar atráth" (as ga).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin. "Bímis cúramach gan a dhul thar fóir leis an drochíde ar pholaiteoirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-16.
- ↑ "Feisire Parlaiminte tar éis bháis i dtuaisceart Shasana de bharr a hionsaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-16.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin. "BREXIT: Ní hionann agus polasaí ‘fearg agus faitíos’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-16.
- ↑ "MP Jo Cox básaithe tar éis ionsaí gunna agus sceana" (as ga) (2016-06-16).