Eduard Buchner
(1907) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Bealtaine 1860 München (Cónaidhm na Gearmáine) |
Bás | 13 Lúnasa 1917 57 bliana d'aois Focșani (Ríocht na Rómáine) |
Áit adhlactha | Focsani German Soldiers Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ludwig Maximilian, München Ollscoil Theicniúil München Ollscoil Erlangen-Nürnberg |
Céim acadúil | ollamh |
Comhairleoir dochtúireachta | Johann Friedrich Wilhelm Adolf von Bäyer |
Áit chónaithe | München |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceimic agus bithcheimic |
Suíomh oibre | Beirlín Wrocław Tübingen |
Gairm | bithcheimiceoir, ceimiceoir, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Tübingen Ollscoil Humboldt Bheirlín Ollscoil Wrocław Ollscoil Würzburg Ollscoil Ludwig Maximilian, München |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Teaghlach | |
Céile | Lotte Stahl |
Siblín | Hans Ernst August Buchner |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do | |
Ceimiceoir agus símeolaí Gearmánach ab ea Eduard Alois Buchner (20 Bealtaine 1860 - 13 Lúnasa 1917), ar bronnadh Duais Nobel sa Cheimic air sa bhliain 1907, as a chuid oibre ar choipeadh.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luathbhlianta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Buchner i München do lia agus Dochtúir Urghnách an Leighis Fhóiréinseach. Ba é Hans Ernst August Buchner a dheartháir níos sine.[1] Sa bhliain 1884, thosaigh sé ag staidéar na ceimice le Adolf von Baeyer agus na luibheolaíochta le Carl Nägeli, in Institiúid na Lus i München. Tar éis tréimhse ag obair le Otto Fischer (col ceathrar le Emil Fischer) in Ollscoil Erlangen, bronnadh dochtúireacht ó Ollscoil München ar Bhuchner sa bhliain 1888 faoi Theodor Curtius.
Gairmréim acadúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Buchner ina léachtóir cúnta i saotharlann orgánach Adolf von Bäyer sa bhliain 1889 in Ollscoil München. Sa bhliain 1891, tugadh ardú céime dó ina léachtóir san ollscoil chéanna.[2]
I bhfómhar na bliana 1893, bhog Buchner go hOllscoil Kiel (de: Die Christian-Albrechts-Universität zu Kiel (CAU) ) agus ceapadh ina ollamh é sa bhliain 1895. Sa chéad bhliain eile, ceapadh é ina Ollamh Urghnách don Cheimic Anailíseach agus Chógaisíochta i saotharlann ceimiceach H. von Pechmann in Ollscoil Tübingen.[2]
I mí Dheireadh Fómhair, 1898, ceapadh é ina Chathaoirleach ar Cheimic Ghinearálta in Ollscoil Talmhaíochta Bheirlín (de:Die Landwirtschaftliche Hochschule Berlin), agus chuir sé oiliúint iomlán ar a chúntóirí leis féin, agus fuair sé a cháilíocht léachta iardhochtúireachta (de:Habilitation) i 1900. [2][3] Sa bhliain 1909, aistríodh go hOllscoil Breslau é (atheagraíodh é le bheith ina Ollscoil Wrocław sa bhliain 1945)[4]), and in 1911, he moved to University of Würzburg.[2] , agus sa bhliain 1911, d'aistrigh sé go hOllscoil Würzburg.[2]
Fuair sé bás i gCath Mhărășești agus tá sé curtha i reilig shaighdiúirí na Gearmáine ó Fhocșani, an Rómáin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taighde
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éard a bhí i gceist sa turgnamh ar bhuaigh Buchner an Duais Nobel dó ná úsc giostach saor ó chealla a tháirgeadh agus a thaispeáint go bhféadfadh an “t-úscbhrúite” seo siúcra a choipeadh. Bhuail seo buille eile don bheathúlachas trína thaispeáint nach raibh gá le cealla giosta beo le haghaidh coipeadh. Táirgeadh an t-úsc saor ó chealla trí chealla giosta tirim, grianchloch agus cré dhiatómúil a chomhcheangal agus ansin na cealla giosta a bhrú le moirtéar agus tuairgnín. D’éireodh an meascán seo tais ansin de réir mar a thiocfadh ábhar na gcealla giosta as na cealla. Nuair a bheadh an chéim seo déanta, chuirfí an meascán tais trí phreas agus cuireadh glúcós, fruchtós, nó maltós leis an “t-úscbhrúite” agus chonacthas go dtiocfadh dé-ocsaíd charbóin chun cinn, uaireanta ar feadh laethanta. Níor léirigh imscrúdú micreascópach aon chealla giosta beo san úsc. Rinne Buchner hipitéis go
dtálann cealla giosta próitéiní ina dtimpeallacht d’fhonn siúcraí a choipeadh, ach fuarthas amach ina dhiaidh sin go dtarlaíonn coipeadh laistigh de na cealla giosta. Mhaígh Maria Manasseina gur aimsigh sí coipeadh saor ó chealla glúin níos luaithe ná Buchner.[5]
Cé go gcreideann cuid go n-ainmnítear an fleascán Büchner agus an tonnadóir Büchner dó, ainmnítear iad i ndáiríre don cheimiceoir tionsclaíoch Ernst Büchner.[6]
Bronnadh Duais Nobel sa Cheimic sa bhliain 1907 ar Bhüchner.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Buchner Lotte Stahl i 1900. Ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda liostáil sé san arm agus d’éirigh sé aníos go céim Maor i gceannas ar aonad iompair muinisin ar an Fronta Thiar agus Thoir. I Márta 1916 d’fhill sé ar Ollscoil Wurzburg. In Aibreán 1917 liostáil sé arís. An 11 Lúnasa 1917, agus é lonnaithe i Focșani, an Rómáin, bhuail blog sliogáin é agus fuair sé bás dhá lá ina dhiaidh sin..
Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eduard Buchner (1897). "Alkoholische Gährung ohne Hefezellen (Vorläufige Mitteilung)". Berichte der Deutschen Chemischen Gesellschaft 30: 117–124. doi: .
- Eduard Buchner, Rudolf Rapp (1899). "Alkoholische Gährung ohne Hefezellen". Berichte der Deutschen Chemischen Gesellschaft 32 (2): 2086–2094. doi: .
- Robert Kohler (1971). "The background to Eduard Buchner's discovery of cell-free fermentation". Journal of the History of Biology 4 (1): 35–61. doi:PMID 11609437. .
- Robert Kohler (1972). "The reception of Eduard Buchner's discovery of cell-free fermentation". Journal of the History of Biology 5 (2): 327–353. doi:PMID 11610124. .
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Asimov, Asimov's Biographical Encyclopedia of Science and Technology 2nd Revised edition
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs named:0
- ↑ "Eduard Buchner - Universitäts-Archiv". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-02. Dáta rochtana: 2023-08-19.
- ↑ "History of the University of Wrocław" (pl). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-10. Dáta rochtana: 2023-08-19.
- ↑ Cornish-Bowden, Athel (1999). "The Origins of Enzymology" (as en). The Biochemist 19 (2): 36–38. Dáta rochtana: 2017-10-18. Curtha i gcartlann 2014-08-26 ar an Wayback Machine
- ↑ Jensen, William (2006). "The Origins of the Hirsch and Büchner Vacuum Filtration Funnels". Journal of Chemical Education 83 (9): 1283. doi: . Bibcode: 2006JChEd..83.1283J.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Works by or about Eduard Buchner at Internet Archive
- Eduard Buchner on Nobelprize.org including the Nobel Lecture, December 11, 1907 Cell-Free Fermentation
- Buchner, Eduard (1897). "Alcoholic Fermentation Without Yeast Cells". Ber. Dtsch. Chem. Ges. 30: 117–124. doi: . Curtha i gcartlann 2006-08-19 ar an Wayback Machine (English translation of Buchner's "Alkoholische Gährung ohne Hefezellen")